cúl a thabhairt leis an drámaíocht
to turn his back on drama
Ní raibh sé in ann
cúl a thabhairt leis an drámaíocht, áfach, mar go raibh sé go smior ann.
thug siad droim láimhe
they turned their back on
Bhí na vótóirí ag iarraidh go dtiocfadh athrú ar chúrsaí agus
thug siad droim láimhe don chomhrialtas de chuid na ndaonlathaithe sóisialta agus na liobrálach a bhí ag rith na tíre le hocht mbliana anuas.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe
that we would turn our back on an enlarged Europe
Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht
because they're turning their back on their heritage
Creideann sí go láidir san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh
de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
Thiontaigh sí a droim léi
she turned her back on her
Thiontaigh sí a droim léi agus chrom ar an obair.
ag iompó nathanna cainte droim ar ais
turning phrases back to front
Is breá leis bheith
ag iompó nathanna cainte droim ar ais nó bunoscionn nó spraoi a bheith aige leo.
i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht
after he had turned his back on architecture
As Napoli ó dhúchas é Clemente agus tháinig sé chun cinn ar dtús sna seachtóidí
i ndiaidh dó droim láimhe a thabhairt don ailtireacht, a raibh sé ag déanamh staidéir uirthi sa Róimh, le díriú isteach ar an phéintéireacht agus ar an fhilíocht.
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean
to turn their back on violence
Ní aithneodh dílseoirí sean-Kingstown, mar a bhíodh, an *Irish Times* anois mar atá!
Creideann an *Times *go dtugann faicsean Adams/McGuinness an deis is fearr do phoblachtánaigh
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean, chun go mbeidís mar chuid den réiteach, in ionad bheith gafa laistigh de chiorcal seasc na faidhbe.
a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh
who will turn their back on the religion
Ní dóigh liom go bhfuil mórán Caitliceach
a chasfaidh a ndroim ar a gcreideamh díreach mar gheall ar an scannán *The Da Vinci Code* a fheiceáil.
droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn.
to turn their backs on the Saint Andrews Agreement.
)
Tá an eagraíocht armtha seo ag moladh do dhaoine
droim láimhe a thabhairt do Chomhaontú Chill Rimhinn.
droim á tabhairt againn ar an másailéam.
turning our backs to the mausoleum.
Bogaimid i dtreo an phríomhbhóthair,
droim á tabhairt againn ar an másailéam.
a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais.
who could turn their backs on decisions made of the Houses of the Oireachtas
Níl aon amhras ach go bhfuil sciar den phobal buartha faoi a thuilleadh flaithiúnais a ghéilleadh don Eoraip le go mbunófaí "ollstát"
a bheadh in ann droim láimhe a thabhairt do chinntí a ghlacann Tithe an Oireachtais.
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí
a tradition which turns it back on the old understandings
Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin,
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
a cúl a thabhairt le hobair theilifíse.
to turn her back on television work.
Bhí Carrie le feiceáil go leanúnach ar scáileáin na hÉireann i dtrátha an ama sin agus a hainm go mór i mbéal an phobail ach go tobann, ag tús na mílaoise nua, rinne sí cinneadh
a cúl a thabhairt le hobair theilifíse.
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean
to turn back on violence
Céim mhór chun cinn sa phróiseas síochána ab ea é, a léirigh go rabhthas toilteanach
droim láimhe a thabhairt don fhoréigean agus go rabhthas sásta aghaidh a thabhairt ar shochaí nua shíochánta a chruthú.
droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge
to turn their backs on Irish
Bheadh sé níos fusa ansin feoil is iasc a dhéanamh díobh siúd a bhfuil míchumas foghlama orthu i ndáiríre agus na daoine a bhfóireann sé dóibh
droim láimhe a thabhairt leis an Ghaeilge mar ábhar.
le droim láimhe a thabhairt leis an homaighnéasachas.
to turn their backs on homosexuality.
Ar ndóigh, ní hí Iris amháin atá den tuairim láidir gur féidir daoine a spreagadh
le droim láimhe a thabhairt leis an homaighnéasachas.
a chúl leis an teanga,
(they) turned their back on the language
Cé gur thug rialtas Mhanann
a chúl leis an teanga, bunaíodh Yn Çheshaght Ghailckagh (Cumann na Manainnise) in 1899 chun an Mhanainnis a chaomhnú mar theanga náisiúnta an oileáin.
cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta.
a decision to turn their backs on record companies henceforth
”
Sa deireadh, níor cuireadh an t-albam *Dance the Devil* amach go dtí 1999 agus ansin, ar chasadh na mílaoise, rinne The Frames
cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta.
cúl a thabhairt don
turn its back on
An gcuirfidh an meathlú brú ar Éire
cúl a thabhairt don euro?*
DMW: Is dóigh liom gur chóir i gcónaí smaoineamh ar gach rogha nó, ar a laghad, gur chóir gach rogha a scrúdú go hintleachtúil.
An droim láimhe a thabhairt
to turn one's back on people
”
An droim láimhe a thabhairtIs léir go mbraitheann Harris gur geall le géarleanúint an t-iompar seo.
Dá mbeadh breith aige ar a aiféala
were he able to turn back the clock
Dá mbeadh breith aige ar a aiféala deir Ó Seanacháin, ní dhéanfadh sé arís an rud a rinne sé an uair sin.
ní bheidh breith ar a n-aiféala acu
they shall not be able to turn the clock back
Faraor,
ní bheidh breith ar a n-aiféala acu anois.
chas mé ar mo sháil
I turned back
‘Go raibh mile maith agat,’ a deirim le mo chéile fichille agus
chas mé ar mo sháil.
chas mé ar mo sháil
I turned back
Chas mé mo dhroim leis ach nuair a chuala mé dhá cluc cluc brónach, le hosna mhór,
chas mé ar mo sháil arís agus leisean ar bhacainn mo láimhe, d’aimsigh mé crann dó agus chuir mé ar ghéig é, agus bheannaigh mé oíche mhaith codlata leis.
nó go mb’éigean dom casadh ar ais
until I had to turn back
Shiúil mé céad slat go glúin san uisce glégeal ar deireadh, na beanna scáfara chaon taobh díom,
nó go mb’éigean dom casadh ar ais.
tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir
we’ve turned our backs entirely on violence
Táimid imithe go hiomlán i dtreo na polaitíochta reachtúla ó thaobh Éire shaor 32 contae a chur chun cinn agus
tá droim láimhe tugtha go hiomlan don láimh láidir sa bpróiséas sin ar fad.
iompú droim ar ais
turn it back to front
3 a
iompú droim ar ais nuair a rialaíodh sa bhliain 1992 go raibh ceart ginmhillte faoin mbunreacht ag an gcailín óg 14 bhliana d’aois i gcás X, mar go raibh baol ann go bhféadfadh sí í féin a mharú, dá gcuirfí iachall uirthi an páiste a thabhairt ar an saol.
a shúil nimhe a chaitheamh siar ar
to turn his evil eye back on
Tá deireadh na bliana ag teannadh linn, a léitheoirí dílse, agus b’fhéidir nárbh fhearr rud a dhéanfadh Balor ná
a shúil nimhe a chaitheamh siar ar imeachtaí na bliana.
thug sé cúl leis
he turned his back on
Faoin bhliain 1999, nuair a
thug sé cúl leis an pholaitíocht, i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh mar uachtarán ar an tír, bhí poblacht nua dhaonlathach bunaithe aige.
ag tabhairt cúl le cine
turning his back on his people
Sa dán Aros Mae'r Mynyddau Mawr atá na línte:
Tá an seanfhód álainn i lámha eile
An tseanchomharbacht tagtha chun deiridh
An té ar leis an áit
ag tabhairt cúl le cine
Agus cúl le talamh spré agus cleamhnais.
ag tabhairt droim láimhe don
turning their backs on
Ach thuigfinn dóibh siúd a chaitheann leis an nGaeilge mar mheán cumarsáide amháin agus nach mbíonn ag troid nó ag agóidíocht i gcónaí ar a son, go háirithe iad siúd a tháinig in inmhe le linn ré an tíogair Cheiltigh agus nach cuimhin leo na drochlaethanta nuair nach raibh leabhra Gaeilge ar fáil ar scoil, nuair a bhíodh daoine ag caitheamh anuas ar an nGaeilge go minic, nuair nach raibh pingin rua ar fáil don teanga - cé gur léir go bhfuil na drochlaethanta sin linn arís!”
Cailleadh nó Caomhnú?
========
Agus nach fíor go bhfuil an t-aos óg
ag tabhairt droim láimhe don Ghaeilge agus ag iompú ar an Bhéarla?
“Cinnte ní féidir linne neamhaird a dhéanamh ar an iompú seo, agus bheinn buartha faoin sealbhú teangan ach ceapaim go dteastaíonn gníomh anois seachas a bheith ag clamhsán de shíor faoin bhfadhb.
an clog a chasadh ar ais
to turn the clock back
Ach go cinnte dá mbeadh seans ag na Stáit Aontaithe
an clog a chasadh ar ais go 2003, ní bheidis a leath chomh tapa Saddam Hussein a chur as oifig agus a bhí.