Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú They can survive without you
" Thig leo gnaithe a dhéanamh gan tú nuair nach mbíonn tú ansin, áfach, mar gur dream neamhspleách iad.
"aíonna" a thagann chun tí gan choinne unexpected house guests
" Ar na deacrachtaí eile a bhíonn i gceist agus a bhí le feiceáil sa scannán, tá árasáin bhrocacha, comharsana dainséaracha, agus "aíonna" a thagann chun tí gan choinne.
gan trácht orthu siúd thar lear not to mention those abroad
" Is fíor nach raibh muid i láthair, ach ní raibh a fhios againne in Éirinn, gan trácht orthu siúd thar lear, go raibh a leithéid de phlean ag dul ar aghaidh.
gan dul thar fóir leis without going overboard with it
" Tá an cur síos a dhéanann sé ar cheantair an-tarraingteach; tugann sé eolas ar áiteanna stairiúla gan dul thar fóir leis agus tá an cur síos a dhéanann sé ar dhaoine mothálach gan a bheith maoithneach.
thar ghréasán gan trealamh ar bith eile across a network without any other equipment
" ) Sa triaróg seo cé go bhfuil nanóicí liogacha ag na carachtair ar fad, nach mór, a ligeann dóibh cumarsáid a dhéanamh thar ghréasán gan trealamh ar bith eile allamuigh agus cé go bhfuil siad in ann ceimicí áirithe a scaoileadh chun cabhrú leo suíomhanna áirithe a láimhseáil, tá na brúanna céanna orthu is atá orainn ar na saolta seo.
Tháinig cor gan choinne sa scéal matters took an unexpected turn
" Tháinig cor gan choinne sa scéal trí mhí ní ba dhéanaí nuair a rinne fear óg darb ainm Lee Mc Laughlin teagmháil leis na póilíní in Broome, baile ar chósta thiar na hAstráile, le hinsint dóibh go raibh eolas aige faoin dúnmharú.
gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige not permitted more than three miles out to sea
" 6 milliún duine sáite isteach ansin faoi smachtbhannaí na mblianta, gan chead dul thar thrí míle i bhfarraige agus go ndéantar iad a lámhach le luaidhe, nó tine ghealáin - fosfar bán - a chartadh ón aer orthu, ó am go chéile, le cead an domhain chláir.
Tháinig cor gan choinne sa scéal events took an unexpected turn
" Tháinig cor gan choinne sa scéal, ámh, nuair a tháinig long lastais as an Iorua, an MV Tampa, i gcabhair ar bhád a bhí i mbaol agus é ar a bhealach chun na hAstráile plódaithe le teifigh.
thiocfaidh gan choinne shall arrive unexpectedly
" Samhlaíonn Derrida ‘L’avenir’ le duine éigin a thiocfaidh gan choinne d’fhonn gnáthchúrsa an tsaoil a athrú ó bhonn.
dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill he’ll come around soon
" ‘B’fhéidir go dtiocfaidh sé timpeall gan rómhoill’ a dúradh uair eile i dtaobh imreora a fuair buille láidir sa chloigeann agus nach raibh cinnte ar feadh tamaill an raibh sé i bPáirc an Chrócaigh nó sa bhaile ar an tolg.
gan dul thar fóir not to go overboard
" Tá sé tábhachtach go mbeadh cead ag na nuachtáin tuairiscí a fhoilsiú ar chásanna cúirte ach tá freagracht orthu gan dul thar fóir leis an tuairisciú sin.