Tréatúirí an bheirt acu," dar le Fear na Súile Nimhe, "Agus Éamonn Beag Ó Druncaí chomh maith, an smugachán a bhíonn ag rúscadh an chainniúir sa bhaile.
Bhí oscailt na gcluichí ollásach agus seandiaganta sa mhéid is gur cuireadh Balor giota maith siar ar bhóithrín na smaointe go dtí laethanta a óige féin; bhí na cluichí féin corraitheach agus gríosaitheach sa mhéid is gur bhog tóin tamhanda Bhalor cúpla orlach óna chathaoir theolaí anois is arís le teann fuaiscnimh; agus bhí searmanas an chlabhsúir maoithneach agus rachtúil sa mhéid is gur fháisc sé deoir ghoirt an chumha amach as súil an chioclóp.
An bhfuil plean B ag an DUP? Nó ar shíl siad go mbeadh “Sinn Féin /IRA” ann go deo na ndeor agus go dtiocfadh leo suí siar agus géarcháineadh a dhéanamh?
Má tá an streachailt armtha críochnaithe, ní chiallaíonn sin nach bhfuil am corraitheach romhainn.
Thairis sin, is cosúil go bhfuil liosta naimhde Mheiriceá ag fás, ach an é dearcadh Mheiriceá ar thíortha eile an domhain atá ag cothú na feirge seo?
Tar éis coicís de bhuamáil Iosraelach sa Liobáin agus na céadta marbh sa tír sin (breathnóirí de chuid na Náisiún Aontaithe ina measc), chuaigh Condoleeza Rice, Státrúnaí Mheiriceá, go dtí an Meánoirthear chun labhairt le polaiteoirí in Iarúsailéim, i gCaireo agus i mBéarút.
”
Meiriceá
I ndiaidh cúig bliana a chaitheamh sa Rúis, áfach, bhog Conor agus a bhean, Zhanna Maumova, go Washington agus arís am corraitheach a bhí ann mar bhí an Páirtí Daonlathach, muintir Clinton ach go háirithe, ag cur suime i bpróiseas na síochána ó thuaidh.
Ach níor leor an gníomh bíogach sin le foireann Chiarraí a chur de dhroim seoil, agus, ar scór a bhí íseal go maith, 0-12 i gcoinne 1-6, bhí an lá le muintir Chiarraí.
Dúradh go raibh na *“wags”* (mná céile agus cailíní na n-imreoirí) ag cothú mioscaise sa chúlra, go raibh teannas idir Terry agus Gerrard agus go raibh an ghabháil a rinne Terry ar Gerrard ar an bpáirc traenála thar cailc ar fad.