sa ghearrthéarma
in the short term
Muna raibh acu ach an dá rogha sin, níl aon amhras ach go ndearnadar an rogha cheart ó thaobh leas an Lucht Oibre
sa ghearrthéarma.
sa ghearrthréimhse
in the short-term
Tá sé i gceist aige fanacht le Riverdance
sa ghearrthréimhse.
bhua gearrthéarmach
short-term victory
Cuirtear an dara moladh as an áireamh, is é sin dlí mhíleata a chur i bhfeidhm, le cuirfiú agus córas cártaí aitheantais, ar an mbonn go bhféadfadh sé a bheith ina
bhua gearrthéarmach.
spriocanna gearrthéarmacha
short-term targets
An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Baineadh amach na
spriocanna gearrthéarmacha a bhí leagtha síos i dtús ama ach, de réir mar a bhí fás agus forbairt ag teacht ar ghníomhaíochtaí an Árais, bhí an fás agus an fhorbairt chéanna ag teacht ar na spriocanna.
ag cur a leas gearrthéarmach polaitíochta féin
putting their own short-term political welfare
Beidh sé freisin, áfach, ar lámha slam mhór de pholaiteoirí an deiscirt atá faoi láthair
ag cur a leas gearrthéarmach polaitíochta féin os cionn leas fadtéarmach mhuintir na hÉireann, thuaidh agus theas.
buntáiste gearrthéarmach
short-term advantage
Ach má thug ráiteas an Taoisigh
buntáiste gearrthéarmach dá pháirtí, chothaigh sé fadhbanna fadtéarmacha dóibh féin agus don tír i gcoitinne.
sa ghearrthéarma
in the short term
Creidim go bhfuil an DUP sásta fanacht le páirtí Trimble titim isteach ann féin agus tá an chuma ar an scéal go dtarlóidh sin
sa ghearrthéarma.
sa gharthodhchaí
in the short-term future
Tugann an staidéar seo le tuiscint go bhféadfaí cothromaíocht leochaileach an dátheangachais a chur i gcontúirt
sa gharthodhchaí muna nglactar céimeanna sa réiteach seo chun aghaidh a thabhairt ar na castachtaí a bhaineann le teanga agus cultúr na Gaeilge a chosaint laistigh de theorainneacha na Gaeltachta.
aidhm ghearrthréimhseach
short-term aim
In áit é sin a dhéanamh, áfach, dhírigh na hollchomhlachtaí nua ar chostaisí a ghearradh, oibrithe a scaoileadh chun siúil, fiacha a ghlanadh, agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh a raibh sé mar
aidhm ghearrthréimhseach acu luach scaireanna na gcomhlachtaí ar na stocmhalartáin a choinneáil chomh hard is a d'fhéadfaí.
chonradh gearrthéarmach
short-term contract
Chomh maith leis an fhoireann bhuan, tá beirt Oifigeach Logainmneacha breise fostaithe ar
chonradh gearrthéarmach.
pleananna gearrthéarmacha
short-term plans
Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Cad iad na
pleananna gearrthéarmacha atá agaibh?
Tá réimse leathan oibre i gceist.
réiteach gearrthéarmach
short-term solution
Ach níl iontu ach
réiteach gearrthéarmach.
Sa ghearrthéarma
in the short term
Sa ghearrthéarma, is féidir le gluaisteáin hibrideacha peitril/leictreach bheith beagán níos éifeachtaí.
dearcadh gearrthéarmach
short-term view
Taispeánann sé seo
dearcadh gearrthéarmach na stiúrthóirí.
sa ghearrthréimhse
in the short-term
Ní thiocfaidh aon leigheas air seo go dtí go mbeidh tréimhse caite i gcomhrialtas acu ach ní léir go dtarlóidh sé seo
sa ghearrthréimhse.
thionscadail ghearrthéarmacha
short-term projects
Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar
thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
thionscadail ghearrthéarmacha
short-term projects
Bíonn méid áirithe aistriúcháin agus profála le déanamh ag an bhfoireann in Oisín, ag comhlíonadh ár dtaobhna de chonarthaí móra, bíonn forbairt le déanamh ar
thionscadail ghearrthéarmacha agus ar thionscadail atá á bhforbairt go hinmheánach ag eagraíochtaí.
Go gearrthéarmach
in the short-term
Agus mar sin, cad é an chuma atá ar chúrsaí san am atá romhainn?
Go gearrthéarmach, is cinnte go leanfaidh an méadú agus an fhorbairt ar an aerlasta.
go gearrthéarmach
in the short-term
AÓF: Céard iad na pleananna atá agat anois? An bhfanfaidh tú i mBaile Átha Cliath nó an mbogfaidh tú siar abhaile arís am éigin?
RNicD: Athróidh mé siar am éicint cinnte ach,
go gearrthéarmach ar aon nós, is i mBaile Átha Cliath a bheas mé.
an gharchogaíocht shiombalach
the short-term symbolic warfare
Gan dabht, bhuaigh Dev
an gharchogaíocht shiombalach ina chuid sceimhle shíochánta in aghaidh na Breataine.
sa ghearrthéarma
in the short-term
Sin cuid dá straitéis
sa ghearrthéarma.
chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi
she lost her short-term memory
Is léir gur bean thar a bheith cliste a bhí inti, ach
chlis a cuimhne ghearrthéarmach uirthi agus í sna nóchaidí.
dífhostaíocht ghearrthéarmach
short-term unemployment
Cé go raibh fadhb dífhostaíochta ann,
dífhostaíocht ghearrthéarmach a bhí i gceist den chuid is mó, agus fuair mo chairde uilig postanna nuair a d'fhág siad an scoil.
Sa ghearrthréimhse,
in the short-term,
Sa ghearrthréimhse, is dócha go mbainfidh feirmeoirí mairteola na hÉireann sochar as an gcosc seo - faoi láthair níl praghas na mairteola Éireannaí iomaíoch go leor i dtíortha mar an Ísiltír, an Iodáil nó an Bhreatain mar gurb iad seo na tíortha is mó san Eoraip a dhéanann mairteoil na Brasaíle a iompórtáil.
sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma,
in the short term and in the long term
Tá leabhar a mbeidh an-tóir air,
sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, díreach foilsithe ag Cois Life.
Sa ghearrthréimhse
in the short term
“
Sa ghearrthréimhse, teastaíonn uainn an gléas atá forbartha cheana féin a thabhairt chun foirfeachta agus glórtha do na mórchanúintí eile a chur ar fáil chomh maith.
práinneacha gearrthéarmacha
urgent short term
Rud nach dtuigtear go forleathan, ná, gach uair a bhí conradh nua idir chamáín ag na ballstáit, cuireadh na hathleasuithe ar na hinstitiúidí ar ceal agus níor socraíodh ach na ceisteanna
práinneacha gearrthéarmacha ionas go bhféadfaí an chéad chéim eile a tabhairt.
réiteach gearrthréimhseach
short term settlement
Dúirt sé gur
réiteach gearrthréimhseach a bheadh le deireadh a chur leis an riachtanas iontrála agus gur ar aimhleas gairmiúlacht na múinteoirí a bheadh ann.
gearrthéarmach
short term
Agus an dara rud, tá an dearcadh áitiúil,
gearrthéarmach róláidir sa chultúr pholaitiúil.
ghearrthréimhseach
short term
Ina áit sin, d'fhéadfaí go mbronnfaí an post fíoríseal seo air (a bhaist a iar-leathbhádóir i nDún Laoghaire, David Andrews, 'the Minister for Fish and Ships' air!) Is dócha ná a mhalairt gur cheapachán
ghearrthréimhseach a bheas anseo.
gearrthéarmach
short term
Dá mbeadh an t-airgead ann féin, ní cóir go gcruthódh an rialtas líon mór post, ach amháin dá mbeidís in ann tionscnamh mór
gearrthéarmach a fháil a bheadh feiliúnach.
gearrthréimhseacha
short term
Na daoine atá ag cur na n-íocaíochtaí chun cinn ná daoine nach bhfuil uathu ach spriocanna
gearrthréimhseacha a bhaint amach, gan tuiscint acu ar ná suim acu i rialacha nó rialacháin na heagraíochta.
buntáisti buiséid gearrthréimhseacha
short term budgetary advantages
Ach leanann rialtas i ndiaidh rialtais mar sin féin le beartais a chuireann brú ar dhaoine lonnú sna cathracha ar mhaithe le
buntáisti buiséid gearrthréimhseacha mar go gcosnaíonn na haonaid chónaithe agus an bonneagar i bhfad níos lú airgid ar chistí an stáit.
cinneadh gearrthréimhseach
a short term decision
Ba olc an mhaise é dá ndéanfadh pobal na tíre seo
cinneadh gearrthréimhseach deireadh a chur leis an tSeanad mar thoradh ar an tsáinn geilleagair ina bhfuilimid.
gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin
caught up with short term matters at election time
Bíonn daoine
gafa le rudaí gearrthéarmacha ag am toghcháin, ach chonaiceamar go raibh polaiteoirí sásta seasamh amach agus snámh in aghaidh an easa ar cheist an ghinmhillte agus ba bhreá liom labhairt leo.
a réitíonn an cás sa ghearrthéarma amháin
which only settles the matter in the short term
Ina áit sin, tá sceach sáite sa bhearna
a réitíonn an cás sa ghearrthéarma amháin.
postanna gearrthréimhseacha
short-term jobs
Ach is
postanna gearrthréimhseacha a bhíonn i gceist mar gur beag cothabháil a bhíonn de dhíth ar na tuirbíní nuair a bhíonn siad tógtha.
go gearrthréimhseach
in the short term
Bhí a athair ag siúl amach le bean a raibh árasán aici sa cheantar, agus bhí Trayvon ag fanacht léi
go gearrthréimhseach.
ar bhonn gearrthéarmach
on a short term basis
Faoin gcóras isteach / amach chlárófaí go leictreonach sonraí na náisiúnach tríú tíortha a thagann isteach san AE
ar bhonn gearrthéarmach agus chuirfí na húdaráis ar an eolas dá bhfanfaí san Aontas níos faide ná mar ba cheart.
ní hamháin sa ghearrthéarma
not just in the short term
Ag an am céanna beidh leisce ar an rialtas an reachtaíocht a úsáid in éadan baill den ASTI, mar go bhféadfadh sin deacrachtaí a chruthú,
ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa bhfadthéarma chomh maith, má tá coinníollacha oibre níos measa ag baill an ASTI seachas mar atá ag múinteoirí gur baill iad den cheardchumann eile, an TUI nó nach baill iad de cheachtar cheardchumann.
bhain leis an ghearrthréimhse
pertained to the short term
Murab ionann is an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ba phlean oibre teoranta a bhí ann le spriocanna ama a
bhain leis an ghearrthréimhse seachas leis an todhchaí.
ghearrthéarma
short term
Drochsheans go mbeifear in ann dul i bhfeidhm sa
ghearrthéarma ar Enda Kenny ná ar an rialtas seo, ach i gceann dhá bhliain eile beidh ollthoghchán ann agus d’fhéadfadh tábhacht faoi leith a bheith leis na vótaí a bheas ag lucht na Gaeilge.
gan cur isteach ó fhadhbanna gearrthéarmacha
without being influenced by short term difficulties
B’é sin an bua ba thábhachtaí sa pholaitíocht dar le Bagehot, agus is é a bhí i gceist aige leis an gcoincheap sin ná gné ar leith den intleacht atá neamhspleách ó himeachtaí laethúla chóras na polaitíochta, gné a dhéanann fadhbanna teibí a scagadh
gan cur isteach ó fhadhbanna gearrthéarmacha.
sa ghearrthéarma
in the short term
Féachann Diarmaid Mac Mathúna ar chuid de na slite a bhféadfaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo
sa ghearrthéarma.