Cáinaisnéis aisteach a bhí annIt was a funny set up, or, a funny shake down
Cáinaisnéis aisteach a bhí ann, cibé bealach a amharcann muid air (nó uirthi is cóir dom a rá, b’fhéidir, siocair go bhfuil cáinaisnéis baininscneach agus go mbeidh eagarthóir úr Beo Ar Éigean! ag ceartú mo chuid scríbhneoireachta!) Ach i ndáiríre bhí an cháinaisnéis dian ar mhuintir na Gaeilge, agus orthu siúd amháin.
Rinneadh an-chaint faoin tagairt in Éirinn, ach an rud is suimiúla ar fad faoin scéal, dar liom, ná go bhfuil an méid sin cumhachta ag na cláracha cainte ar theilifís Mheiriceá gur féidir leo oifig Taoisigh i dtír trasna an Atlantaigh a chreathnú.