Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi shéan prosperous
" Nollaig faoi shéan is faoi mhaise duit! *Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois agus ag obair mar shaoririseoir.
rathúil prosperous
" Pobal réasúnta rathúil a bhí sa pharóiste, agus ní raibh leid ar bith acu faoin tubaiste a bhí i ndán dóibh i gceann cúig bliana déag.
rathúil prosperous
" Ar ndóigh, ba ré chrua i stair na tíre í ré an Chumannachais, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go raibh an tSeicslóvaic rathúil mar thír roimh an dara cogadh domhanda, agus nascanna láidre eacnamaíocha aici ar fud iarthar na hEorpa.
an cúige is rathúla the most prosperous province
" Faigheann Bohemia (an cúige is rathúla sa tír agus an cúige a bhfuil Prág ina lár) a ainm ó na Boii, treibh Cheilteach a bhí lonnaithe anseo go dtí an cúigiú haois AD.
rathúil prosperous
" Tá mé go mór in éad leatsa agus tú i do cheann stáit ar thír atá rathúil.
bhí an-rath ar Lucca Lucca was very prosperous
" Radharc aisteach atá ann! Sa mheánaois, bhí an-rath ar Lucca mar gheall ar bhaincéaracht agus déantús síoda agus thóg ceannaithe saibhre túir mar seo.
athbhliain faoi mhaise. a prosperous new year.
" Guím Féile Altaithe shona don léitheoir, mar sin, Nollaig faoi shéan, agus athbhliain faoi mhaise.
rafar prosperous
" Seans gur cuid de *malaise* meánaicmeach iarthar na hEorpa é sin, bheith rafar ach imní anama de chineál éigin bheith ort go fóill.
teaghlach rathúil prosperous family
" Teach suaithinseach is ea Raheem Residency, a bhfuil stair choilíneach ag baint leis: bhí teaghlach rathúil Indiach – a bhí ag gabháil do thrádáil teicstílí – ina chónaí ansin ar feadh na mblianta.
toicí prosperous
" Seo áit a bhfuair an toicí Éireannach John Guinness bás os comhair a mhná Jennifer i Mí Feabhra 1988.
Athbhliain fé mhaise a Prosperous New Year
" (gáire) SMM: Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain fé mhaise ort féin, ar do mhuintir agus ar an bhfoireann a bheas ag obair anseo in éineacht leat ar Lá Nollag a Dháithí.