Ach an bhfuil athrú meoin ar bith le brath i measc an phobail? An bhfeiceann muid corp, ealaín nó míchumas nuair a mheabhraíonn muid ar an saothar seo de chuid Marc Quinn? Nó an bhfuil sé ag baint úsáide as Alison Lapper nó ag ceiliúradh an cineál difriúil áilleachta atá le feiceáil inti? Nó an raibh amhras riamh ar Alison Lapper faoin dóigh ar leiríodh í sa saothar seo?
“Bhí mé féin ag déanamh obair den chineál céanna ach bhí a fhios agam nach mbeinn ábalta rud chomh
suntasach agus ar an scála céanna leis seo a dhéanamh,” a dúirt sí.