Is léir, mar sin, go raibh gach gné den ghluaiseacht náisiúnta ann, idir na réabhlóidithe agus an lucht bunreachtúil, agus go minic bhí forluí ann leis an lucht cultúrtha.
Deir Moladh 3 go mba cheart an ‘deighilt a shoiléiriú’ idir chúraimí an Údaráis agus cúraimí Fhoras na Gaeilge sa gcaoi is nach mbeadh ‘forluí idir scóp an dá eagras’.
Glacadh go forleathan leis gur theastaigh atheagar ó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag maireachtáil ag airgead an stáit: cuid acu ag trasnaíl a chéile nó ag treabhadh leo sa ngort céanna, gan mórán torthaí le feiceáil ar a gcuid oibre.