Ní hé raic na dtáillí ollscoile atá ar intinn agam, cé gur léir ón gcomhghuallaíocht áiféiseach idir Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach ar an gceist áirithe sin go bhfuil clochmhíle de shaghas éigin sroichte againn i stair na polaitíochta in Éirinn.
Ach tá fianaise áirithe ann go bhfuil clochmhílte ar leith ar an mbóthar sin bainte amach againn le gairid, agus go bhfuil muid ag an bpointe diamhair úd nach bhfuil aon dul siar anois air.