Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ceantar dílseach a loyalist area
" Tá mé i mo chónaí i gcomharsanacht bheag naisiúnach atá díreach in aice le ceantar dílseach.
dílseoir loyalist
" "Sula ndéanann tú cinneadh gan vótáil, ba chóir duit liosta a scríobh amach duit féin," a dúirt dílseoir ón pháirtí liomsa.
croí dílseach loyalist heart
" Go minic téim chuig mo chuid oibre fríd cheantar na Seanchille, croí dílseach Uladh.
na dílseoirí the loyalists
" I mí Lúnasa na bliana céanna, mharaigh na dílseoirí Sean Lavery (21), mac leis an chomhairleoir Bobby Lavery, nuair a scaoil siad urchair lena theach ar Bhóthar Aontroma.
dílseoirí loyalists
" Da bpléascfadh an buama tine a d'fhág dílseoirí i mBaile an Chaistil ag deireadh mhí Lúnasa, bheadh ár dochreidte ann.
dhílseacha loyalist
" D'fhulaing Bernadette go leor ina saol féin; ba bheag nach bhfuair sí bás, mar shampla, nuair a scaoil paraimíleataigh dhílseacha í féin agus a fear i 1981, agus ansin bhí a hiníon Róisín i bpríosún i Sasana agus í ag iompar clainne.
dílseoirí loyalists
" Tá ceangal láidir idir grúpaí faisisteacha agus na dílseoirí, ar ndóigh (cf.
dílseoirí loyalists
" " Níl muid ag caint faoi pháiste scoile as Scoil na Croise Naofa in Ard Eoin ag dul trí scata mór dílseoirí, ach cailín beag Síneach a chónaíodh i dTuaisceart Bhéal Feirste fosta.
dílseoirí loyalists
" Agus mar sin, go hoifigiúil ar a laghad, tá rudaí feabhsaithe rud beag i gcomparáid leis an seal idir 1970 agus 1999 nuair a bhí na faisistithe/dílseoirí ábalta a rogha rud a dhéanamh gan mórán airde ó na póilíní.
dílseoirí loyalists
" B'iontach an tseachtain í an tseachtain seo caite, *Groundhog Day* ach le suímh éagsúla - mí-úsáid phoiblí pháistí Scoil na Croise Naofa; fíochmhaireacht an fhoréigin i dtuaisceart Bhéal Feirste; buille eacnamaíochta don chomhlacht Shortts; moilleadóireacht an NIO fá stádas shos cogaidh na ndílseoirí agus, anois, dúnmharú iriseora a dhírigh solas geal ar an dlúthbhaint idir paramílitigh dílseacha agus drugaí.
urlabhraithe dílseacha loyalist spokespeople
" Má dheimhníonn John Reid go bhfuil an sos cogaidh thart, tá sé maíte ag urlabhraithe dílseacha go dtabharfaidh sé sin *carte blanche* do dhílseoirí a rogha rud a dhéanamh, mar níl aon bhuntáiste acu a bheith ar shos cogaidh, mar dhea.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Chuir an bogadh mearbhall ar na paramílitigh dhílseacha, gan fios acu cad é ba cheart a dhéanamh.
Dílseoir loyalist
" Tá rún ag mo sheanchara, Daithí Atanburó, clár teilifíse speisialta a dhéanamh go luath, é bunaithe ar an trí chineál is gannchúisí ar domhan: An Misinéir Éireannach, An Dílseoir Sásta agus Muintir Bhocht na Gaeltachta.
dílseoirí loyalists
" Maraíodh an chéad iriseoir ó thuaidh nuair a scaoil dílseoirí Marty O'Hagan sa Lorgain i gContae Ard Mhacha agus é ag siúl chun an bhaile lena bhean chéile i ndiaidh oíche sa teach tábhairne.
fheachtas imeaglaithe na ndílseoirí the loyalists' intimidation campaign
" Sochaí fholláin? Tá níos mó ná 300 gan teach cónaithe de bharr fheachtas imeaglaithe na ndílseoirí.
dílseoirí loyalists
" Cad é atá fágtha le déanamh ag dílseoirí dífhostaithe, mar sin, ach drugaí a dhíol, dul go dtí an giomnáisiam, agus iarracht a dhéanamh a gcomharsana Caitliceacha, dream a gcuireann siad an milleán maidir lena ndeacrachtaí féin orthu, a dhúnmharú?
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" **PM:** Cén fáth? **ANO:** Le tríocha bliain anuas tá tionchar mailíseach ag an scata fear seo - 100 faoin chéad Protastúnach a bhfuil dlúthbhaint acu leis na Máisiúin - atá saor ó smacht, atá ina "fhórsa taobh istigh de fhórsa" a bhfuil líomhaintí seanbhunaithe agus forleathana curtha ina leith gur chuidigh siad le dúnmharaithe agus le coireanna eile, gur úsáid siad paramílitigh dhílseacha le hionsaithe a dhéanamh agus go ndearna siad a ndícheall moill a chur ar an dul chun cinn polaitiúil.
chan na dílseoirí not the loyalists
" Tá aontachtaithe frith-Chomhaontaithe oiread sin ar bís ag iarraidh cruthúnais go bhfuil an IRA - agus an IRA amháin, chan na dílseoirí - ag briseadh a shosa cogaidh, go gcreidfidh siad rud ar bith.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Deir foinsí slándála go bhfuil na mílte ógánach ag dul isteach sna paramílitigh dhílseacha, go háirithe an UDA.
dílseoirí loyalists
" Ach mhol daoine domh gan é a fhágáil ansin: "Má fhaigheann dílseoirí thú, beidh tú marbh," a dúirt siad.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Is é sin le rá gurb iad na paramílitigh dhílseacha a bhí ag saothrú dóibh féin le linn na coimhlinte na daoine céanna atá ag cruinniú maoine ó dhrugaí agus ó chineálacha eile coireachta anois.
Dílseoirí loyalists
" Tá ceangal láidir ag an ghrúpa leis an UDA/UFF ach bhí smaointe úra ó thaobh na nDílseoirí sa cháipéis seo 24 bliain ó shin.
dílseoirí loyalists
" I mo thuairim féin, b'fhéidir go raibh a fhios acu - cosúil leis na faisistithe/dílseoirí anseo i 1996 - go ndéanfadh na póilíní an jab dóibh.
fhoréigean dílseach loyalist violence
" Tá an easpa cothroime le mothú ach go háirithe ina sheasamh ar an fhoréigean dílseach.
foréigean na ndílseoirí loyalist violence
" "Níl diminsean polaitiúil le foréigean na ndílseoirí," ar sé an mhí seo caite.
dhílseach loyalist
" Tá muid ag cuartú anois ceannaireacht aontachtach agus dhílseach a fheiceann go bhfuil an IRA ag dul as gnó, a aontóidh an UUP taobh thiar de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus foireann na brionglóide, Jeffrey Donaldson agus Reg Empey, mar cheannairí úra an pháirtí i ndiaidh imeacht Trimble.
dílseoirí loyalists
" D'fhás sí aníos i gceantar beag Caitliceach i dtuaisceart Bhéal Feirste, agus bhí teannas idir bunadh na háite agus na dílseoirí sa chéad cheantar eile.
dílseoirí paraimíliteacha paramilitary loyalists
" Ach, de réir mar a tháinig fianaise nua chun tosaigh maidir le leibhéal sofaisticiúlachta na buamála, d'fhás an tuairim nach bhféadfadh dílseoirí paraimíliteacha oibríocht mhíleata den tsaghas seo a chur i gcrích gan chabhair.
dhílseoirí loyalists
" Fear a labhraíonn go binbeach fá Chaitlicigh, agus fán chultúr Éireannach, an fear a dúirt gur teanga leipreachán a bhí sa Ghaeilge, a thug "leadbelly" ar Alex Maskey i ndiaidh do dhílseoirí é a scaoileadh sa bholg, an fear a dúirt gurb é Cumann Luthchleas Gael eite spóirt an IRA.
dílseoirí loyalists
" (Níl an tír sin ach fiche míle ó Learpholl agus tá muid ábalta S4C a fháil go soiléir anseo, ach chan TG4!) *Scousers *a thugtar orainn agus cé go bhfuil a lán dílseoirí anseo freisin, tuigeann an chuid is mó de bhunadh na háite an tionchar a bhí ag na hÉireannaigh ar Learpholl trí na blianta.
dílseoirí loyalists
" Chuirfeadh gach duine fáilte roimh ionchur ar bith ón eite sin dílseoirí, ach is gá ceist a chur an bhfuil siad dáiríre.
dílseoirí loyalists
" Nuair a thosaíonn trioblóid idir na póilíní agus lucht an mhórshiúil nó idir na dílseoirí agus na náisiúnaithe, bíonn tú istigh ina lár.
dílseoirí loyalists
" Cheana féin sa Tuaisceart tá an Coimisiún Um Chearta Thuaisceart Éireann tar éis a leithéid de thacaíocht a thabhairt do thuiste atá bainteach le scoil na Croise Naofa i mBéal Feirste i gcás atá á thógaint aici in aghaidh an PSNI as gan dílseoirí a bhí ag léirsiú lasmuigh dá scoil a stop.
dílseoirí loyalists
" Cad é mar is féidir a bheith cinnte fá iompar an UUP sa todhchaí? Cad é fá na dílseoirí atá ag baint úsáide as na hairm atá acu - scaoil siad urchair leis an PSNI seachtain ó shin! Tá cinnteacht ag teastáil ó achan dhream, chan amháin ó aontachtaithe.
dílseoirí loyalists
" (Chan ionann agus na dílseoirí atá sásta a admháil go ndearna siad rudaí uafásacha.
Chan ionann agus na dílseoirí not like the loyalists
" (Chan ionann agus na dílseoirí atá sásta a admháil go ndearna siad rudaí uafásacha.
paráidí dílseacha loyalist parades
" Brú ======= Bíonn paráidí dílseacha ar siúl gach seachtain i Learpholl ag an am seo den bhliain agus cuireann siad brú ar acmhainní na bpóilíní áitiúla.
dílseoir loyalists
" Go tobann, thcí siad 20 dílseoir, maidí gailf, barraí iarainn agus bataí adhmaid ar a bhfuil na dathanna dearg, bán agus gorm ina lámha acu.
dílseacha loyalist
" Ina n-áit, tá *stormtroopers *dílseacha ag seasamh na fóide don Aontas.
na ndílseoirí the loyalists
" Ach tá sé naoi mbliana ó tharla chéad sosanna cogaidh an IRA agus na ndílseoirí (mar dhea), ach is gá dúinn a bheith ag feadaíl go fóill.
dílseoirí loyalists
" Is é a fhiafraíonn siad seo ná: "Cad é is fiú deireadh a chur leis an chogadh nuair atá Arm na Breataine go láidir sa tír, nuair atá dílseoirí ag éirí gníomhach arís agus nuair atá David Trimble chomh lag sin taobh istigh dá pháirtí féin nach dtig leis na gníomhartha críochnaithe atá poblachtánaigh ag iarraidh uaidh a chur i bhfeidhm?" Ach tá bunús ghluaiseacht na poblachta ar chúl cheannaireacht Adams agus McGuinness.
dílseoirí loyalists
" Ba é marú Gregg, sceimhlitheoir fíochmhar a bhí ina laoch i measc dílseoirí míleata mar gur scaoil sé Gerry Adams, an dé deiridh do dhrong Adair.
múrphictiúir dhílseacha loyalist murals
" Bhí na ballaí thart timpeall clúdaithe le múrphictiúir dhílseacha, ag ceiliúradh na banríona, stair na ndílseoirí agus grúpaí paramíliteacha Protastúnacha.
stair na ndílseoirí the history of the loyalists
" Bhí na ballaí thart timpeall clúdaithe le múrphictiúir dhílseacha, ag ceiliúradh na banríona, stair na ndílseoirí agus grúpaí paramíliteacha Protastúnacha.
ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú one of the best-known loyalist areas
" " B'in a dúirt fear amháin le hiriseoir agus b'ionann "these people" agus Caitlicigh atá ina gcónaí in aice le Sandy Row, ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú i mBéal Feirste.
paramílitigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Tchí náisiúnaithe *pan-unionist front *ar obair - an PSNI, polaiteoirí aontachtacha agus na paramílitigh dhílseacha - ag teacht le chéile le múineadh a chur orthu, agus déanfaidh ráfla ar bith gnaithe le tús a chur le himeaglú in aimsir seo an Lambeg agus na fífe.
dílseoirí loyalists
" B'in an t-am ba ghnóthaí ag an IRA agus bhí na dílseoirí in airde réime.
ceantar dílseach na Seanchille the loyalist Shankill area
" Ba ghnách le línte fada Protastúnach ó cheantar na Seanchille siúl suas an tsráid seo idir ceantar náisiúnach Chluain Ard agus ceantar dílseach na Seanchille ar a mbealach chuig an monarchana innealtóireachta ar Bhóthar Chluanaí, Mackies.
gunnadóirí dílseacha loyalist gunmen
" Cad chuige sin? Nach raibh na scileanna ag bunadh Chluain Ard nó an raibh siad dofhoghlamtha acu? Nó an "*an irrational hatred*" a bhí ann nach ligfeadh d'ollfhostóirí mar Mackies gan ach dornán postanna a chur ar fáil do Chaitlicigh? Fiú má bhí ráiteas an Uachtaráin amscaí, tá súil agam go dtosóidh sé díospóireacht fán seicteachas atá chomh beo bríomhar inniu agus a bhí sé nuair a tháinig gunnadóirí dílseacha trasna Shráid Cupar i 1969 le mo chomharsanaigh a dhó amach as a dtithe i Sráid Bombay agus i mo shráid féin, Kashmir Road.
dhílseoir mór le rá well-known loyalist
" Ní raibh mórán suime acu i gcás sa Chúirt Chorónach anseo i Learpholl ar an 14 Nollaig, nuair a gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar dhílseoir mór le rá as taisce gunnaí agus armlóin bheith ina sheilbh aige.
dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar loyalists used to attack the area
" I rith na bliana, ach le linn shéasúr na máirseála go háirithe, dhéanadh dílseoirí ionsaithe ar an cheantar go rialta, rud a chothaigh spiorad iontach comhair i measc na ndaoine.
dílseoirí loyalists
" ) ach ní raibh focal astu riamh faoi éide na ndílseoirí.
paraimílitigh dhílseacha loyalists paramilitaries
" Measann O'Leary go bhfuil 967 duine - saighdiúirí, póilíní, oifigigh phríosúin, paraimílitigh dhílseacha – maraithe ag an IRA ach níl ansin ach 56% den líon daoine a mharaigh siad ar fad (corradh le 1,750).
dílseoirí loyalists
" Bhí dhá cheist ag muintir na háite ag an am: “Arbh as Béal Feirste nó Bolton na dílseoirí a rinne an t-ionsaí? Más rud é gurbh as Béal Feirste iad, an bhfuair siad faisnéis faoi theaghlach Adair ó dhílseoirí in Bolton?” Beidh breithiúnas na cúirte ar fáil go luath.
dílseoirí loyalists
" Bhí drochthús leis an mbliain i 1969 nuair a lig an RUC do bhuíon dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar shlua mac léinn ón eagraíocht Peoples Democracy, a bhí ag máirseáil ar son cearta sibhialta ag tús mhí Eanáir.
bhuíon dílseoirí a band of loyalists
" Bhí drochthús leis an mbliain i 1969 nuair a lig an RUC do bhuíon dílseoirí ionsaí a dhéanamh ar shlua mac léinn ón eagraíocht Peoples Democracy, a bhí ag máirseáil ar son cearta sibhialta ag tús mhí Eanáir.
ionsaithe dílseoirí loyalist attacks
" Anuas air seo, caithfear a chinntiú nach bhfágfar choíche arís náisiúnaithe na Sé Chontae gan cosaint ó ionsaithe dílseoirí.
an choimhlint dhílseach the loyalist conflict
" Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
foréigean na ndílseoirí loyalist violence
" Chomh maith leis an easpa dul chun cinn atá a dhéanamh acu stop a chur leis an choimhlint dhílseach - leoga measann idir náisiúnaithe agus aontachtaithe go bhfuil siad ag fadú na coimhlinte - tá eagla i measc na gCaitliceach go bhfuil foréigean na ndílseoirí ag imeacht ó smacht agus nach bhfuil an PSNI toilteanach iad a chosaint.
meon na ndílseoirí ó thuaidh the mentality of the loyalists in the north
" Alt ar leith atá ag Balor an Bhéil Bhinn daoibh an mhí seo, a léitheoirí, go háirithe daoibhse ón iasacht, nó i gConamara, nó i gCorca Dhuibhne, nach dtuigeann cúrsaí círéibe in Éirinn, nó nach dtuigeann meon na ndílseoirí ó thuaidh.
dílseoirí loyalists
" Tá cuid mhór le foghlaim ag dílseoirí ó phoblachtanaigh.
i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach in unionist and loyalist working-class areas
" Dúirt an tOirmhinneach Alan Harper, Easpag de chuid Eaglais na hÉireann, mar shampla, go mothaíonn daoine i gceantracha de chuid na haicme oibre aontachtach agus dílseach go bhfuil siad go mór faoi mhíbhuntáiste, coimhthithe agus scoite ón phróiseas polaitiúil.
dhílseoirí loyalists
" Is minic an focal sin “*perception*” luaite i ráitis ó aontachtaithe agus ó dhílseoirí, agus ar an drochuair, ó lucht na n-eaglaisí Protastúnacha, ach cé tá ag cothú na mbraistintí seo? Má tá muinín ag daoine ionat, agus i bhfianaise an olltoghcháin dheireanaigh tá muinín ag an phobal aontachtach sa DUP, má deir tú le daoine go bhfuil siad beagmhaitheasach creidfidh siad tú, beag beann ar an fhianaise.
i gcás na ndílseoirí in the case of the loyalists
" Trí ghníomhartha polaitiúla amháin atá na poblachtánaigh ag brú ar aghaidh anois, rud nach bhfuil fíor i gcás na ndílseoirí.
Dílseoirí Dílse Truacánta Piteous Loyal Loyalists
" “Ní scliúchas a bhí ann ar an chéad dul síos,” a d’fhreagair Cosantóir na Bearna, “Ní ná scliúchas! Círéib, ionsaí seicteach, forrán fíochmhar ar na Dílseoirí Dílse Truacánta – sin a bhí ann.
dhílseoirí paraimíleatacha paramilitary loyalists
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
dílseoirí paraimíleatacha paramilitary loyalists
" Is éard atá in *Love Ulster *na comhghuaillíocht ina bhfuil Fir Bhuí, dílseoirí paraimíleatacha agus daoine a bhí thíos le foréigean an IRA.
nach ndamnóidh sceimhlitheoirí dílseacha who will not condemn loyalist terrorists
" Tá an fhearg agus an fonn díoltais go smior ann ach is fear é nach ndamnóidh sceimhlitheoirí dílseacha.
dhílseoirí paraimíleatacha paramilitary loyalists
" Tuigtear do *Beo!,* de réir an tsocraithe nua atá beartaithe ag an Uasal Hain, beidh Brainse Speisialta an PSNI fós i mbun súil a choimeád ar dhílseoirí paraimíleatacha, ach ó 2007 ní bheidh aon ról acu ag faire ar phoblachtánaigh agus ní bheidh aon chead acu spiairí poblachtánacha a earcú ach oiread.
dílseoirí loyalists
" Ní mór líon na ndaoine lasmuigh de sheanfhondúirí a pháirtí féin agus dílseoirí an dúchais a raibh cloch le cur acu ar charn an tseanbhúistéara.
ag cur oilc ar dhílseoirí na háite angering the loyalists of the area
" Tá póstaeir curtha in airde ag poblachtánaigh ar an bhaile ag ceiliúradh na stailceoirí ocrais, rud atá ag cur oilc ar dhílseoirí na háite.
na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach thousands of republican and loyalist prisoners
" Is ag Donovan Wylie atá an focal scoir lena chuid pictiúr den Maze, an príosún cáiliúil inar coinníodh na mílte príosúnach poblachtánach agus dílseach agus ina bhfuair 13 óglach bás le linn na stailceanna ocrais.
dílseoirí loyalists
" Sráideanna faoi léigear, lánaí a fágadh gan chosaint agus sciúirse lasrach oíchiúil á fhearadh orthu ag póilíní agus ag dílseoirí a bhí ag obair as lámh a chéile.
dúnmharfóirí dílseacha loyalist murderers
" An fear a thóg gunna ina lámh i gcoinne na ndúnmharfóirí dílseacha i 1969.
paraimíleataigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Scaoil paraimíleataigh dhílseacha leis na póilíní agus le hArm na Breataine.
dílseoirí loyalists
" Léiríonn cuid de na doiciméid go raibh a fhios ag na húdaráis go raibh comhoibriú rúnda idir fórsaí an stáit agus dílseoirí.
paraimíleataigh dhílseacha loyalist paramilitaries
" Anois, den chéad uair, tá cáipéisí oifigiúla ar fáil a léiríonn cad é chomh huileghabhálach is a bhí an comhoibriú rúnda idir na “fórsaí cosanta” agus paraimíleataigh dhílseacha.
grúpaí paraimíleatacha dílseacha loyalist paramilitary groups
" Luaigh sé na grúpaí paraimíleatacha dílseacha atá chomh contúirteach anois is a bhí siad riamh.
club dílseach loyalist club
" Brú millteanach gan chúis orainne ag am nuair a bhí club dílseach cúpla míle suas an bóthar lán sceimhlitheoirí agus gunnaí ina lámha acu.
nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne when the loyalists celebrate the Battle of the Boyne
" Bhí an 12 Iúil ag teacht, nuair a cheiliúrann dílseoirí Cath na Bóinne, agus bhí an caisleán maisithe le bratacha.
na dílseoirí dílse the loyal loyalists
" *Londonderry* a thugann ár gcairde dílse ar an áit, agus iad ag iarraidh a bheith dílis do na daoine nach bhfuil ag iarraidh a bheith dílis dóibh, ach atá ag iarraidh na dílseoirí dílse a fhágáil sa chac.
sa dara sráid ba dhílsí in the second most loyalist street
" “Caithfidh mé a rá gur tógadh mise sa dara sráid ba dhílsí sa chathair, taobh amuigh den Fountain.
dílseoirí loyalists
" Ar ndóigh, dílseoirí a fuair na tithe ag an uair sin (Déanann sé gáire).
dílseoir loyalist
" Cé a shamhlaigh go bhfeicfí riamh an lá a dtabharfadh dílseoir faoi Ian Mór agus Gerry Mór in aon iarracht amháin? Ní mise ar scor ar bith,” a mhaíonn Balor an Bithiúnach Bladhmannach agus é ag briseadh a thóna ag gáire agus ag fágáil slán ag Mickey Stoned.
a chomhghleacaithe, na paraimíleataigh dhílseacha his colleagues, the loyalist paramilitaries
" Sin an teachtaireacht a fuair Michael Stone agus a chomhghleacaithe, na paraimíleataigh dhílseacha – ní minic a chluin tú an téarma sceimhlitheoirí dílseacha – agus sin an fáth a raibh sé ag Stormont an mhí seo caite le Gerry Adams agus Martin McGuinness a mharú.
sceimhlitheoirí dílseacha loyalist terrorists
" Sin an teachtaireacht a fuair Michael Stone agus a chomhghleacaithe, na paraimíleataigh dhílseacha – ní minic a chluin tú an téarma sceimhlitheoirí dílseacha – agus sin an fáth a raibh sé ag Stormont an mhí seo caite le Gerry Adams agus Martin McGuinness a mharú.
in eastát tithíochta de chuid na ndílseoirí in a loyalist housing estate
" “Uair eile bhí mé gafa in eastát tithíochta de chuid na ndílseoirí agus círéib ar siúl.
a lán dílseoirí / faisistigh. a lot of loyalists / fascists.
" Ar ndóigh, ba thuairim chontúirteach í sin i Learpholl, áit a raibh a lán dílseoirí / faisistigh.
dílseoirí loyalists
" Nuair a cuireadh feoil ar an choincheap sin i bhfoirm “Thionól Roinnt na Cumhachta” Eanáir 1974, chuaigh dílseoirí ar stailc agus thit na ballaí.
dílseoirí loyalists
" Tá cineál ceant ar siúl faoi láthair ag dílseoirí éagsúla, gach drong acu ag iarraidh an duais airgid is mó a shú ó Rialtas na Breataine, i.
vótóirí dílseacha loyalist voters
" Agus sin á dhéanamh acu, ámh, tá na hiarrthóirí ag dul sa seans nach gcaillfidh siad sciar suntasach de vótóirí dílseacha an pháirtí atá ar son an chogaidh go fóill.
poblachtánaigh, náisiúnaithe agus dílseoirí. republicans, nationalists and loyalists.
" I measc a lucht aitheantais tá baill de chuid an DUP, mar aon le poblachtánaigh, náisiúnaithe agus dílseoirí.
sceimhlitheoirí dílseacha loyalist terrorists
" Dá dtiocfadh an CPS agus, sa deireadh thiar, Rialtas na Breataine, amach agus gan clóca a chaitheamh ar an fhírinne, nó murar bhain fórsaí “slándála” úsáid as sceimhlitheoirí dílseacha le Caitlicigh a mharú, ní bheadh an cheist á tógáil.
dílseach. loyalist.
" Seicteachas a bheadh ann, dar liom, mura rachainn an bealach as gaiste fríd an cheantar clúiteach dílseach.
drong dílseoirí a gang of loyalists
" B’ón cheantar seo a tháinig drong dílseoirí i mí Lúnasa 1969 leis an tsráid ina raibh mé i mo chónaí a dhó go talamh.
na dílseoirí the loyalists
" ) Deir an tAire Ritchie go gcaithfidh na dílseoirí a gcuid gunnaí a dhíchoimisiúnú agus go gcaithfidh an Coimisiún Idirnáisiúnta Neamhspleách um Dhíchoimisiúnú é sin a dhearbhú sula bhfaighidh siad an t-airgead.
grúpaí dílseacha loyalist groups
" Déanta na firinne, is mó úsáid atá á baint astu ag an iliomad grúpaí dílseacha atá sáite i gcoimhlint cumhachta faoi láthair.
cumainn dhílseacha loyalist clubs
" (Cheannaigh cumainn dhílseacha aeróga speisialta nuair a thosaigh TG4 ag craoladh chluichí sacair na hAlban ar an stáisiún.
na grúpaí dílseacha seo these loyalist groups
" Mar sin, is léir go bhfuil fadhbanna ag na grúpaí dílseacha seo ag teacht isteach sa 21ú haois agus ag fágáil an fhoréigin ina ndiaidh.
dílseoirí loyalists
" Mar shampla, tá dílseoirí ag eagrú máirseála in éadan Anna Lo, an t-aon fheisire ó mhionlach eitneach atá sa Tionól.