Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos because the guidelines that had been laid down were not implemented
" Rialaigh an chúirt go raibh an otharlann faillíoch siocair nár cuireadh i bhfeidhm na treoirlínte a bhí leagtha síos le dul i ngleic leis an ghalar.
ar leagadh rialacha síos dó for which rules were laid down
" Deir daoine áirithe nach raibh ann ach sacar, ar leagadh rialacha síos dó sa bhliain 1863 i Sasana.
rialacháin a leagan amach lay down regulations
" Is cosúil ón acht go gciallaíonn “forordú” ná go gcaithfeadh an t-aire rialacháin a leagan amach agus iad a chur os comhair na Dála agus an tSeanaid.
go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne. that language conditions laid down by themselves for new houses in the Ring Gaeltacht were being ignored.
" Go deimhin léiríonn cáipéisí inmheánacha de chuid na Comhairle Contae gur chuir sí in iúl d’fheidhmeannaigh ón rannóg pleanála i 2006 gur mheas sí go raibh droim láimhe á thabhairt do choinníollacha teanga a leag siad féin síos do thithe úra i nGaeltacht na Rinne.
leagan síos to lay down
" Iarradh ar an dá staidéar critéir theangeolaíochta a leagan síos do phobail ag a dtabharfaí stádas Gaeltachta.
Leag mé sin síos I laid that down
" Leag mé sin síos mar bhunphrionsabal.
leagtha síos laid down
" Anuas ar sin, is léir go bhfuil na meáin úra ag feidhmiú lasmuigh den chomhthéacs eitice agus dlíthiúil atá leagtha síos do na meáin sheanbhunaithe le fada.
leag amach laid down
" Bhí scéal te bruite ag Uinsionn an tseachtain sin mar go raibh cáipéis de chuid na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúntachta feicthe aige, cáipéis a leag amach siollabas nua don Ardteist.
i mbun rialaithe laying down the law
" San am a chuaigh thart bhain breithiúna áirithe leas as an bhrollach mar leithscéal le dul i muinín shaothar mhórdhiagairí Críostúla ar nós Thomas Aquinas nuair a bhíothas i mbun rialaithe.
leagann síos na coinníollacha lays down the conditions
" Is é an tAcht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 a leagann síos na coinníollacha a ghabhann le deonú saoránachta agus rinne an Breitheamh tagairt don chuid den Acht a deir gur “dá rogha féin amháin” a bhronnfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta ar iarratasóirí.
shléacht siad le hómós they lay down before it out of respect
" shléacht siad le hómós don dragan mar gur thug sé an chumhacht don bheithíoch, agus shléacht siad le hómós don bheithíoch á rá: “Cé atá cosúil leis an mbeithíoch? Agus cé a fhéadann troid leis?” Agus tugadh béal don bheithíoch le diamhaslaí móra a chur as agus tugadh de chead dó sin a dhéanamh ar feadh dhá mhí agus daichead.
treoracha a leagan síos do to lay down guidelines for
" Theastódh an cás a dhéanamh go gonta san aighneacht agus impí ar Airí Cultúir na hEorpa, treoracha a leagan síos do Rialtas na hÉireann faoi chaomhnú na Gaeilge sa gcuid sin den Eoraip ina bhfuil sí fós á labhairt.
rialacha a leagan síos to lay down rules
" Tú Féin atá ar an Maide Eolais ============== De ghnáth, ó thaobh ríomhaireachta de, ciallaíonn sé seo nach bhfuil gá ach rialacha a leagan síos faoin mbealach gur féidir leis an imreoir gabháil i ngleic leis an timpeallacht.
aon bhealach cruinn a leagan síos to lay down any accurate method
" Chlis orthu seilbh a ghlacadh ar thionscadal na hatógála, chlis orthu réiteach glinn ar fhadhb an neamhionannais a chur in iúl, agus chlis orthu aon bhealach cruinn a leagan síos a cheartódh cultúr na hiomarca agus na caimiléireachta atá i smior an chórais chaipitlíoch.
agus a leagfadh síos go soiléir and would clearly lay down
" Dá bhfaighfí réidh leis an Airteagal sin i reifreann bheadh saoirse ansin ag na polaiteoirí reachtaíocht cheart a shocrú a bheadh ag tíocht le riachtanas leighis na mban agus a leagfadh síos go soiléir céard iad na cásanna ina gceadófaí an ghin sa bhroinn a chur ó mhaith.
a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin which would lay down the foundations of peace
" Ar feadh tamaill, bhí an chuma ar an scéal go raibh ollghluaisceacht ag dul a fhás as an tubaiste a leagfadh síos dúshraith don tsíocháin agus mná á stiúradh.