An liobrálach in éide bunchreidmheach é nó bunchreidmheach in éide liobrálach é? An cadhan aonair é i bpáirtí ina bhfuil Sammy Wilson, Gregory Campbell, Nigel Dodds? Thug an triúr sin aithisc bhinbeacha, ag lascadh poblachtánach agus rialtas na hÉireann as a bhfaillí, ach ní raibh gíog astu faoin ról a bhí acu i dteip fhuilteach an Stáit ó thuaidh.