Is cuimhin liom Dunphy tar éis an bhua sin i Wembley i 1989 ag gearán ar an raidió faoi lucht leanúna Liverpool agus Everton, mar bhí muid ag déanamh fonóide agus faírí i rith "God Save the Queen" roimh an chluiche.
Agus ní thiocfadh linn gan tagairt a dhéanamh don raic agus rírá a bhí ann nuair a d'oscail *The Life of Brian*, le Terry Jones, i 1979, scannán ina ndearna an drong sin ó Monty Python scigmhagadh ar chuid de na cleachtais atá tagtha chun cinn i measc na gCríostaithe le dhá mhíle bliain anuas.
Tháinig an t-athrú meoin seo de bharr fístéipe a tógadh ar phictiúrfón agus a léirigh go raibh na gardaí slándála ag fonóid faoi Saddam agus á náiriú bomaití beaga sular crochadh é.