Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
neamhsheasmhacht pholaitiúil political instability
" Ní leor é tromlach simplí má vótálann móramh beag de mhuintir na Sé Chontae ar son athaontú na tíre; tá neamhsheasmhacht pholaitiúil tuartha ag aontachtaithe.
neamhsheasmhacht instability
" Bhí na fir leagtha crann, áfach, ag bun an liosta ar fad, mar gheall ar neamhsheasmhacht an phoist, an drochphá, agus an dainséar.
mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre because of the instability of the country
" Tá beagnach 4,000 saighdiúir Meiriceánach marbh sa chogadh díchéillí seo, agus na céadta míle Iarácach marbh mar gheall ar éagobhsaíocht na tíre ó tharla ionruathar Mheiriceá.
éagobhsaíocht instability
" Agus de réir fianaise a tugadh os comhair Chomhdháil na Stát Aontaithe sa bhliain 2001 le linn éisteachta a bhain le hoibríochtaí rúnda san Afraic, bhí baint mhór ag Templesman leis an éagobhsaíocht atá i gceist i dtíortha éagsúla ar fud na hAfraice ó thús na gcaogaidí ar aghaidh – Ruanda agus an Congó ina measc.
mhíshocracht instability
" Ach seachas na Mór-Lochanna agus an mhíshocracht fhuilteach, tá rud eile ag roinnt leis na ceithre thír seo nach bhfuil mórán cur amach ag an saol mór air, is é sin, muintir Batwa, grúpa eitneach Pigmí atá ar na pobail is boichte agus is soghonta i gCeantar na Mór-Lochanna.
mar gheall ar ghuagacht dromchla an domhain due to the global crust’s instability
" Dúradh nach bhféadfadh Chernobyl tarlú agus nuair phléasc, dúradh ina dhiaidh nach bhféadfadh sé tarlú sa tSeapáin mar gur tógadh iad chomh cliste is chomh láidir thall mar gheall ar ghuagacht dromchla an domhain sa taobh sin.
ghuagacht taistil peril(s), instability of travel
" Bhí PJ Mac Gabhann ag caitheamh súile ar ghuagacht taistil i gcodanna áirithe den domhan, ceantair a mbíonn baol fuadaithe ag baint leo.