Cé nach bhfuil i mBaile an Fhéirtéaraigh dar le *Lonely Planet* ach baile beag le roinnt siopaí is tithe tábhairne (“*all the essentials really*”), rachaidh an turasóir
fiosrach caol díreach go Tigh Uí Mhurchú ar an bhaile, áit a bhfuil madra rua i gcás gloine agus piasún ina ghob aige agus é ag breathnú síos ar chainteoirí Gaeilge atá ag ithe béilte bunúsacha an tigh!
Moltar go mór do thurasóirí seal a chaitheamh ar na hoileáin Ghaeltachta.