Lena chois sin, bhí sí i mBogliasco in aice le Genoa, sa Centro Studi Ligure, ionad do scríbhneoirí, ealaíontóirí agus scoláirí, áit a chuir Annaghmakerrig, an t-ionad i gContae Mhuineacháin, i gcuimhne di: "Áit álainn, bia álainn, atmaisféar iontach tionsclach ach sínte siar san am céanna, agus gach áis ann a bheadh uait.
Le cois neart gnáthdhaoine deasa díreacha saothracha, tá dlíodóirí mímhacánta agus neamhinniúla ann, oibrithe sa tSeirbhís Sláinte a dhéanann obair phríobháideach le linn a gcuid uaireanta oibre, agus roinnt mhaith daoine a dhéanann calaois ar chomhlachtaí árachais.