B'fhéidir go gceapann daoine eile go bhfuil se craiceáilte, béalscaoilteach, bladhmannach, ach dar liom féin go mbíonn mórán den cheart aige sa mhéid a deir sé.
“Cad é atá ar siúl agatsa anseo, a Mháire Uí Ruairc? Nach cóir duit bheith sa bhaile ag ceiliúradh do bhua san ainmniúchán a fuair tú don chéad olltoghchán eile?” “B’fheidir gur chóir,” arsa an seanseanadóir scagbhéalach, “ach ní dhéanfaidh mé riamh dearmad ar an fheall a imríodh orm san olltoghchán deiridh.