Mar fhreagairt ar an aitheasc seo, foilsíodh sna meáin ráitis éagsúla a rinne Abbott le blianta anuas a léirigh an saghas aigne a bhí aige i dtaca le mná, cuir i gcás an ceann seo a rinne sé sna 1970í:
*I think it would be folly to expect that women will ever dominate or even approach equal representation in a large number of areas simply because their aptitudes, abilities and interests are different for physiological reasons*
Maíonn Abbott go bhfuil athrú intinne tagtha air anois i dtaca le ról na mban sa tsochaí,
d’ainneoin cheapacháin mhístuama a aireachta.