Baineadh tuisle as bean a bhí roimpi agus stad fear agus chuir sé a ghualainn faoina hascaill, agus dúirt agus piachán ann: “Cuir do mheáchan ormsa anois, tá muid chóir a bheith ansin.
Nach mbeadh sé iontach, a dúirt sé agus slócht éigin air, iontach dá mbeadh gach uile phíosa ceoil a taifeadadh riamh i do chartlann? Bhí sé suite ar chéad chéim an staighre—bhí air scíth a thabhairt do na seanchnámha arís—agus a bhéal oscailte, na fiacla buí nochta aige, iad fliuch le seile agus cúr, rud gránna.