Ach in ionad a bheith ag scaoileadh fúm is tharam anseo faoin droch-chaoi ina bhfuil oideachas na teicneolaíochta sa tír seo, tharraing scéal eile mo shúil le mhí anuas: is mise snag breac na teicneolaíochta amach is amach! Is mó constaic a pléadh sa nuacht teicneolaíochta le déanaí ó shocraigh roinnt comhlachtaí idirlín tabhairt faoi lá lándorcha in agóid ar SOPA.