Tá luas faoin insint a choinníonn aird an léitheora ó thús deireadh, agus tá úire san insint agus sa chur chuige a thaitneoidh go mór leis na daoine óga a bhfuil an leabhar seo dírithe orthu.
Scríobhann tú faoi ábhar ar chúiseanna éagsúla agus i mo chás-sa, bím ag iarraidh rud éigin a scríobh a bhfuil úire ag baint leis, rud éigin nach bhfuil scríofa cheana sa teanga nó nach bhfuil scríofa go rómhinic in aon teanga, rud éigin a bheadh gar do mo chroí agus gar don chnámh mar a déarfá.