Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag aimsiú na riachtanas finding out the needs
" Idir an dá linn, tá na teagascóirí ag comhoibriú le Breacadh, ag aimsiú na riachtanas atá ann ó thaobh ábhair phraiticiúil theagaisc de, le gur féidir le Breacadh ábhar tráthúil, éifeachtach a fhorbairt d'fhoghlaimeoirí fásta litearthachta sa Ghaeltacht.
clamhsán complaining, fault-finding
" " "Ní dhéanfaidh an clamhsán maith ar bith duit nó tachtóidh Ruth í féin thú muna mbíonn sé ort," arsa Niall.
as fuascailt na ceiste a aimsiú for finding a solution to the problem
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
ag lochtú finding fault with
" Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil Cead a chinn do McDowell ======= Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
ag fáil lochtanna finding fault
" Tá sé éasca a bheith ag fáil lochtanna nuair nach bhfuil tú ag plé leis an ngnó sin.
haimsiú na fírinne the finding of the truth
" Cultúr neamhfhreagrachta a leagann níos mó béime ar rúndacht; cultúr atá níos tógtha le haon drochscéal maidir leis féin a cheilt ar an phobal ná mar atá sé le haimsiú na fírinne.
aimsiú finding
" Bhain sé le haimsiú na gcorp tar éis an chogaidh.
á lochtú finding fault with them
" Sa lá atá inniu ann is nós le tuismitheoirí (agus nílim á lochtú) cead a gcinn a thabhairt dá gclann spórt de gach cineál a thriail agus a bhlaiseadh dóibh féin.
ag aimsiú na scór finding scores
" Ach shábháil Eddie Kehir a fhoireann, Cill Chainnigh, ar an taobh eile den pháirc, ag aimsiú na scór mar ba dhual dó.
ag dul rite leis finding it hard to
" Bhí mé cinnte gur éirigh liom turasóir a aimsiú, é ag tuirlingt ó eitleán Nua-Eabhrac i lár na hoíche, é ag dul rite leis siúl faoi ualach na ndollar a bhí sna pócaí aige.
aimsiú finding the target
" Bhí triúr ar an bpáirc an lá sin a ainmníodh ar Fhoireann Iomána na Mílaoise: Christy Ring (38), an tosaí cumasach as Chorcaigh, a bhí ag tíocht ag deireadh a ré; John Doyle (30), an fear láidir scafánta ó Thiobrad Árann a bhí i mbarr a mhaitheasa; Jimmy Doyle (20), an gréasaí ciotógach as Dúrlas Éile, a chabhraigh le Tiobraid Árann cluichí go leor a bhuachaint lena chruinneas chun scóranna a aimsiú.
aimsiú finding (goal)
" Ní raibh mórán tráchta ar na deiseanna a bhí ag na hÉireannaigh le linn an chluiche, agus a chaitheadar uathu, le cúil a aimsiú agus an cluiche a bhuachan.
am a aimsiú finding the time
" Trastevere ===== Is cathair bheo bhríomhar í an Róimh agus is fiú am a aimsiú le do scith a ligean agus d’anáil a tharraingt.
Teacht ar an Eolais finding the information
" Teacht ar an Eolais ========== Cuid eile den taighde beag a rinne mé ná cuairt a thabhairt ar láithreáin ghréasáin an Gaelic Players Association, an GPA (nó Cumann na nImreoirí Gaelacha - CIG -), Cumann Lúthchleas Gael (CLG), Cumann Rugbaí na hÉireann, an IRFU (nó CRÉ) agus an Cumann Peile na hÉireann, an IFA (nó CPÉ) le go bhfeicfinn an raibh eolas le fáil iontu i dtaobh fadhb an ghortaithe.
gan locht a fháil ar without finding fault with
" Ach is deacair dearcadh ár mbreithiúna a cháineadh gan locht a fháil ar mhuintir na hÉireann féin atá sásta a mbunreacht a leasú chun saoránacht a shéanadh ar leanaí a shaolaítear in Éirinn do dhaoine atá ag cónaí sa tír seo gan cead.
fostaíocht a fháil finding employment
" Is é bunrud an phoblachtánachais go mbeadh cothroime, ceart agus cóir, is cuma cén cúlra, inscne, is cuma cén dath atá ar a gcraiceann, is cuma cá gcónaíonn siad, ach gur chóir go mbeadh an fáil nó an rochtain chéanna acub agus na deiseanna céanna acub ar theach, díon a chur os cionn a gcloigne, fostaíocht a fháil, deis ar shláinte, ar oideachas agus mar sin de.
iad ag cur an loicht ar Éirinn agus ar a bhean (a fear they finding fault with Ireland and his missus, mister
" Tá an tOrd Flannbhuí ag rá go bhfuil teannas ag méadú agus muid ag tarraingt ar bhiaiste na máirseálacha agus iad ag cur an loicht ar Éirinn agus ar a bhean (a fear?) seachas iad féin.
d’éirigh leo teacht ar they succeeded in finding
" Craoltar an clár san Úcráin chomh maith agus d’éirigh leo teacht ar Mokryna a bhí ina baintreach chomh maith agus í ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta i dtimpeallacht Dnipropetrovsk i lár na tíre.
comhaontú agus comhdhearcadh a bhaint amach finding agreement and consensus
" Léiríonn na constaicí seo an deacracht a bhaineann le comhaontú agus comhdhearcadh a bhaint amach ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i réimse chomh conspóideach leis an imirce ina mbíonn drogall ar stáit aon phioc dá gcumhacht a thabhairt suas.
ag gabháil a bhealaigh finding his way
" com inár labhair Chris Downey faoina thaithí mar dhuine dall ag gabháil a bhealaigh trína chathair.
gan sruth ioncaim breise a aimsiú ón fhógraíocht not finding a cash flow from advertising
" Ach is beag forbairt a bheas i ndán don nuachtán gan sruth ioncaim breise a aimsiú ón fhógraíocht.
De réir cinntí an Ollaimh according to the professor’s findings
" De réir cinntí an Ollaimh, beidh an cháinaisnéis níos déine ar dhaoine ar leas sóisialach ná orthu siúd atá ag saothrú tuarastail aird.
daoine ag lochtadh an chomhlachta foilsithe people finding fault with the publishing company
" Cloisim daoine ag lochtadh an chomhlachta foilsithe, Torann na dTonn, agus is cinnte go bhfuil cuid den locht orthu nár shocraigh siad córas ceart dáiliúcháin, le go mbeadh daoine in ann tíocht air sách éasca.
cáinteach critical, fault-finding
" Tá sé in am ag daoine áirithe moltaí praiticiúla a chur ar fáil faoi chaomhnú na Gaeltachta agus éirí as a bheith cáinteach an t-am go léir.
ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é there hasn’t been fault finding, blaming, and expulsion like this before
" Dhearc Brian Ó Broin ar a bhfuil ag titim amach laistigh den ‘chóisir tae’ úd sna Stáit Aontaithe agus ní lochtú, síneadh na méar agus díbirt go dtí é.