ag teacht chun cinn
emerging
Beidh scríbhneoirí nua
ag teacht chun cinn i gcónaí agus réimsí nua i saol na foilsitheoireachta le treabhadh.
a d'eascair ón gcruinniú
which emerged from the meeting
Agus munar éirigh leo gach a bhí uathu a chur i gcrích, d'éirigh leo an bhrí is an bheatha a shú amach as mórán chuile ráiteas, chuile cháineadh, chuile phlean gníomhaíochta, chuile straitéis
a d'eascair ón gcruinniú nach raibh ag teacht lena gclár féin.
cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn
who knows what will emerge
Ach má bhíonn mí eile mar mhí Dheireadh Fómhair ann,
cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn le linn tríocha lá na Samhna.
as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta
from which the Good Friday Agreement emerged
Ba é an masla a chaith an UUP ar an DUP ná gur éalaigh siad ón choimhlint le Sinn Féin agus gur sheas an UUP an fód sna cainteanna ilpháirtí
as ar fáisceadh Comhaontú Aoine an Chéasta.
Nuair a tháinig GPS ar an bhfód
when GPS emerged
Srian
=======
Nuair a tháinig GPS ar an bhfód i dtosach, chuir an Roinn Cosanta sna Stáit Aontaithe srian ar an gcruinneas a bhí ar fáil go forleathan chun nach bhféadfadh airm eile é a úsáid.
a d'eascair as uafáis
which emerged from the horrors
Is é na Náisiúin Aontaithe,
a d'eascair as uafáis an dara Cogadh Domhanda, a thug aitheantas ceart do choincheap na gcearta daonna, mar a thuigimid é sa lá atá inniu ann.
le teacht ar an bhfód
set to emerge
Seirbhísí den tríú glúin
=======
Cé go bhfuil roinnt daoine ag cur i gcoinne na n-aeróg seo toisc go bhfuil imní orthu faoin tionchar a bheidh ag na comharthaí ó na haeróga ar a sláinte, tá an chuma ar an scéal go mbeidh níos mó aeróg fós á dtógaint, anois go bhfuil seirbhísí gutháin den tríú glúin
le teacht ar an bhfód.
atá tagtha chun cinn
which have emerged
Agus ní thiocfadh linn gan tagairt a dhéanamh don raic agus rírá a bhí ann nuair a d'oscail *The Life of Brian*, le Terry Jones, i 1979, scannán ina ndearna an drong sin ó Monty Python scigmhagadh ar chuid de na cleachtais
atá tagtha chun cinn i measc na gCríostaithe le dhá mhíle bliain anuas.
ag teacht chun cinn
emerging
Ach cá bhfios cé chomh fada is a mhairfidh an taitneamh atá le baint as an saghas sin cumarsáide? Agus nílim ag caint ar cheisteanna morálta - tá fadhb níos mó ná sin
ag teacht chun cinn anois: fógraí.
atá tagtha chun cinn
that have emerged
Tá gá le hathrú nó dhó, dar liom, chun deireadh a chur le cuid den streachailt agus den tarraingt
atá tagtha chun cinn le tamall anuas.
ag teacht chun cinn
emerging
Tá géarchéim
ag teacht chun cinn i mBaile Átha Cliath ó thaobh CLG (agus a leithéid chéanna sna bailte móra ar fud na tíre).
ag eascairt ó
emerging from
An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá
ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí.
ónar eascair Solidarnosc
from which Solidarnosc emerged
Chabhraigh an mhuinín nua seo le cruthú an atmaisféir
ónar eascair Solidarnosc, an ghluaiseacht ceardchumann a chuaigh i gcochall na gcumannach, ag cur deireadh le ré an chumannachais Pholannaigh i 1989.
ónar eascair Solidarnosc
from which Solidarnosc emerged
Chabhraigh an mhuinín nua seo le cruthú an atmaisféir
ónar eascair Solidarnosc, an ghluaiseacht ceardchumann a chuaigh i gcochall na gcumannach, ag cur deireadh le ré an chumannachais Pholannaigh i 1989.
a bhí tagtha chun cinn
that had emerged
Cúis imní ab ea an litir seo don Choimisinéir Teanga mar gur mheas sé go raibh brí úrnua á baint as na ciorcláin mar chosaint ar nósanna agus cleachtais
a bhí tagtha chun cinn i ranna ar leith.
ag teacht chun cinn
emerging
An Eixample agus an Sagrada Família
Tháinig an-rath ar Barcelona le linn an 19ú céad agus dá bharr sin bhí gá le méadú a dhéanamh ar an Barri Gotic chun freastal ar an phobal nua saibhir trádála a bhí
ag teacht chun cinn.
cén chaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn
how this idea emerged
Antaine Ó Faracháin: A Dhónail, inis dom i dtosach
cén chaoi ar tháinig an smaoineamh seo chun cinn.
ag teacht chun cin
emerging
Taca an ama a thosaigh mé féin ag imirt leis na daoine fásta i gCumann Báire Chaoimhín, bhíomar i Roinn C den tSraith Shóisearach, agus cé nach raibh caighdeán iománaíochta an-ard againn, bhí scata leaideanna óga
ag teacht chun cinn le chéile.
ag teacht chun cinn.
emerging.
B’fhéidir nár tuigeadh ag an am go raibh ré órga ag tarlú nó b’fhéidir gur ceapadh go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr fós – go mbeadh níos mo cluichí iontacha agus contaetha nua
ag teacht chun cinn.
a bhí tagtha chun cinn
which had emerged
Ní tharlódh sin, áfach, murach an smaointeoireacht nua radacach
a bhí tagtha chun cinn sa tréimhse idir 1968 agus 1972.
a tháinig chun cinn
that emerged
Cén fáth ar scríobh sé dráma faoin Phrotastúnachas, go háirithe nuair is Caitliceach é féin?
“Is é an fáth gur scríobhas *Protestants* ná go rabhas riamh ana-fhiosúil faoin gcreideamh sin – más féidir creideamh a thabhairt air – agus faoin athrú mór sin
a tháinig chun cinn sa 16ú céad san Eoraip, arb é an Protastúnachas a ainm.
Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn:
who knows what will emerge
Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfidh daoine áirithe rompu an teanga a fhoghlaim de thoradh iad a bheith spreagtha ag an tsraith.
Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn:
but who knows what will emerge
”
Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d'fhéadfadh sé tarlú go mbuafadh Hansard deilbhín órga eile ag an Kodak Theatre amach anseo.
na fadhbanna a tháinig chun cinn
the problems which emerged
B'fhéidir gurb é sin an rud is fearr faoin eolas agus faoin gcomhairle seo ar fad atá ar fáil ar an idirlíon: is féidir linn a bheith ag foghlaim ó na botúin atá déanta ag daoine eile agus
na fadhbanna a tháinig chun cinn agus iad i mbun oibre sa teach a sheachaint – rud a shábhálann a lán stró, agus níos mó airgid.
Tagann conspóid chun cinn
a controversy emerges
Tagann conspóid chun cinn go minic agus rudaí suntasacha mar seo ar siúl – go háirithe más é an eachtra atá i gceist ná go bhfuil post tábhachtach tugtha do bhean den chéad uair.
nuair a thagann ceist chun cinn
when a question emerges
” Is nath é a chaitear amach go tráthrialta
nuair a thagann ceist chun cinn mar gheall ar bhaghcat a dhéanamh ar imeachtaí áirithe spóirt.
tháinig ceisteanna géara chun cinn
difficult questions emerged
Mar sin féin,
tháinig ceisteanna géara chun cinn mar gheall ar iompar na bpóilíní.
Tháinig ceisteanna deacra chun cinn
difficult questions emerged
Tháinig ceisteanna deacra chun cinn sa bhliain 1997 nuair a chruthaigh iriseoir ón Ostair go raibh Harrer ina oifigeach san SS sula raibh sé ina oide don Dalaí Láma óg.
atá tagtha chun cinn
which has emerged
Tá físiriseoireacht ar siúl agam i gcomhar le cur chuige eile
atá tagtha chun cinn i saol na teilifíse le blianta beaga anuas: an t-iriseoir a bheith lonnaithe sa phobal ar mian leis a scéal a insint.
ó na fadhbanna a thagann chun cinn
from the problems which emerge
De bharr gur cathair úrnua í, agus de bharr nach bhfuil ach daonra beag de 330,000 anseo, tá Canberra saor, beagnach,
ó na fadhbanna a thagann chun cinn go coitianta sna cathracha móra eile – tranglaim tráchta agus truailliú aeir, cuir i gcás.
tagann fáth bunúsach chun cinn
a fundamental reason emerges
Ach nuair a chuirtear iad ar fad le chéile,
tagann fáth bunúsach chun cinn – fáth atá, mar a deirtear sa Bhéarla, *greater than the sum of its parts*.
a tháinig chun cinn
which emerged, which came about
Is ríléir go bhfuil cosúlachtaí idir an chonspóid
a tháinig chun cinn mar gheall ar mhótarbhealach an M3 a bheith ag dul trí shéadchomhartha náisiúnta na hÉireann - a tharla, dar ndóigh, i ndáiríre - agus cruachás Lios na gCat sa scéal.
ag teacht chun cinn
emerging
Faoi 1750, bhí an Béarla
ag teacht chun cinn sna bailte móra, ach bhí an Mhanainnis fós in uachtar in áiteanna eile.
agus é ag teacht chun cinn.
while it was emerging
Níl aon dabht faoi ach gur feiniméan suntasach a bhí sa Tíogar Ceilteach, ach caithfidh gur cothaíodh é de thairbhe na tráchtaireachta uilig a rinneadh air
agus é ag teacht chun cinn.
má thagann fadhbanna chun cinn
if problems emerge
In 2004, nuair a labhair mé le hEmer Magee – maor SPNF atá lonnaithe i nDún na Gall – dúirt sí liom nach raibh go leor maor ann agus go bhfuil siad ag brath ar an phobal ó thaobh eolas a thabhairt do SPNF
má thagann fadhbanna chun cinn.
go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn
that other administrative problems will emerge
Agus is cinnte
go dtiocfaidh fadhbanna eile riaracháin chun cinn leis an gcóras seo, mar a thagann le haon tionscadal teicneolaíochta den scála seo.
ag teacht chun cinn
emerging
Agus impireacht na Breataine ag dul i léig, bhí impireacht nua
ag teacht chun cinn: impireacht an chaomhnaithe.
atá tagtha chun cinn
which has emerged or come to the fore
Ó thaobh an dearcaidh nua tuaithe
atá tagtha chun cinn sa Pháirtí Poblachtánach, is ionadaí maith í Sarah Palin.
tagann an cheist chun cinn:
the question emerges
Mura bhfuil ach líon an-teoranta ar fad cainteoirí Gaeilge ina gcónaí i mbaile faoi leith, cur i gcás, cad is fiú don siopadóir spás a chur ar leataobh do nuachtán Gaeilge (gan trácht ar spás suntasach) nuair a bhíonn breis is dosaen teideal eile – as Éirinn, Sasana agus oirthear na hEorpa – le díol aige go laethúil?
Mar sin,
tagann an cheist chun cinn: an bhfuil aon mhargadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Mar iar-eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, is oth liom a admháil nach measaim go bhfuil.
Tháinig fuinneamh nua cumadóireachta
a new creative energy emerged
Tháinig fuinneamh nua cumadóireachta sa nGaeilge féin agus chuir sé postanna sármhaithe ar fáil do dhaoine óga sa nGaeltacht.
atá tagtha chun cinn
who have emerged
Tá Ciarán Ó Con Cheanainn ar dhuine den ghlúin óg amhránaithe sa stíl dhúchasach
atá tagtha chun cinn le blianta beaga anuas.