Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
gur dhíbir sé that it drove
" Cad é a bhí mar phríomhscéal acu sin??? Inseoidh mé daoibh: May Mac Ránais ag cothú trioblóide idir Íosa Mhic Ghiolla Mháire agus An Seanadóir Navid Doris ar mhaithe lena leabhar úr a dhíol; scéal a bhí chomh mórchúiseach gur dhíbir sé Géarchéim na hIaráice isteach in aice leis na leathanaigh spóirt.
a dhíbir an Iaráic as Cuáit which drove Iraq from Kuwait
" Níl aon mhíniú tugtha ag an rialtas ar cén fáth a raibh fórsaí as 32 tír páirteach sa bhfeachtas a dhíbir an Iaráic as Cuáit i 1991 ach nach bhfuil páirteach an iarraidh seo ach na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus an Astráil.
chuir na Breatnaigh an ruaig orthu the Welsh drove them out
" Chuaigh siad go hInis Mon ar dtús, ach chuir na Breatnaigh an ruaig orthu.
ina slóite in their droves
" Mura dtig lucht leanúna an UUP amach ina slóite agus mura dtugann an DUP a gcuid vótaí dara rogha do Nicholson, beidh sé i bponc.
Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad that really drove the hurling crowd mad
" Ach nuair a cuireadh deireadh le Purgóid i gcomhthéacs na peile, cuireadh deireadh leis i gcomhthéacs na hiomána freisin – gan é a bheith triailte fiú amháin! Chuir sin lucht iomána le báiní ar fad agus thosaigh tuilleadh clamhsáin agus gearáin.
thiomáin mé I drove
" Nuair a shroich mé Newcastle, thiontaigh mé ar chlé agus thiomáin mé isteach sna cnoic le Balla Hadrian a fheiceáil.
thiomáin mé I drove
" Nuair a shroich mé Newcastle, thiontaigh mé ar chlé agus thiomáin mé isteach sna cnoic le Balla Hadrian a fheiceáil.
chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh the English drove out the Dutch
" Tar éis gur chuir na Sasanaigh an ruaig ar na hÍsiltírigh i Nieuw Amsterdam (Nua-Eabhrac anois) i 1664, b’ag cainteoirí an Bhéarla a bhí an svae sna 13 choilíneacht a bunaíodh ar chósta thoir na mór-roinne nua seo, agus d’fhan an Béarla in uachtar thar na céadta tonn inimirce a bhris ar chóstaí na tíre seo ó shin i leith, bíodh na tonnta sin ó Éirinn, Albain, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Rúis, an Pholainn, an Iodáil, nó an tSín.
gur thiomáin sé that he drove
" Blianta ina dhiaidh sin, chuala muid gur thiomáin sé trasna go Leeds Shasana nuair a chuala sé go raibh an bhean chéanna chun pósadh, gur sheas sé i gcúl na heaglaise agus gur scread sé os ard nach bhféadfadh sí pósadh nuair a bhí seisean chomh mór sin i ngrá léi, dá dtabharfadh sí seans dó é a thaispeáint.
gur thiomáin sin muid that that drove us
" “Is dócha gur thiomáin sin muid go pointe áirithe.
chuir siad an ruaig ar 10,000 Híleantóir they drove out 10,000 Highlanders
" Chuaigh beirt iarlaí Caitliceacha amach, Iarlaí de Errol agus de Huntly, agus thart fá 2,000 fear áitiúil leo, agus chuir siad an ruaig ar 10,000 Híleantóir faoi cheannas iarla Phrotastúnaigh, Iarla Earra Ghàidheal.
Thiomáineamar abhaile we drove home
" Thiomáineamar abhaile go luath tar éis an ghig agus d’fhágamar an Baile Mór agus a chuid le déileáil le teacht faoi bhláth na hoíche idir giotaí agus peitil.
thiomáin sé rátaí na saoroibrithe it drove up the rate of the freelancers
" Ach ag an am céanna, mar gheall ar go raibh an oiread sin airgid le caitheamh ag an gciste in aon iarracht amháin, thiomáin sé rátaí na saoroibrithe in airde ar fad ar fad – ceamaradóirí, eagarthóirí, stiúrthóirí srl.
ina sluaite in their droves, crowds
" Níor tharla sé riamh gur tháinig daoine aeracha le chéile ina sluaite mar a tharla in Stonewall le cur i gcoinne an chiaptha a bhí á dhéanamh ag na póilíní ar a bpobailsean.
thiomáin drove
" Dhúisíomar ag leathuair tar éis a seacht, an mhaidin dar gcionn agus thiomáin caol díreach chuig aerphort Bhleá Cliath.
thiomáin í drove her
" An Fo-Chomhfhios Luíonn croí an scannáin seo in oibriú amach na ciontachta fo-chomhfhiosaí sin a thiomáin í chuig na gníomhartha uafáis a d’imir sí uirthi féin is ar a fear istigh sa choill.
táin droves
" Agus nuair a rinneadh amhlaidh, tháinig táin le chéile nach bhfacthas riamh a leithéid cruinnithe ar mhachairí méithe Mhaigh Eo, iad in arm agus in éide, idir chlaíomh agus each, a gcuid léinte gorma féin ag bogadh go bog sa leoithne mar bhúnna muc na coille craobhaí, a gcuid baithisí agus a gcuid súl tais ag glioscarnaigh faoi sholas niamhrach ghrian an tsamhraidh.
thiomáin drove
" B'fhéidir gur thiomáin tú, fiú amháin.
céard a thiomáin thú what drove you
" Ní luaithe thú abhus agus bhí an ghaelscoil ar an bhfód agat – céard a thiomáin thú chomh mór sin leis an nGaeilge?** RÓS: Bhí riail docht daingean aige baile.
sna táinte in droves
" Thángadar sna táinte – slógadh siabhialta cruinnithe.
thiomáin drove
" I súile an tseanréimis, a raibh ceannas acu ar COG le fada, bhí sé sách dona go mbeadh lucht acadúil ag dul isteach i gceardchumann, ach níos measa fós, bhíodar tar éis ballraíocht a ghlacadh sa WUI, an ceardchumann céanna ina raibh na gnáthoibrithe – na feighlithe, na glantóirí agus na teicneoirí! Bhí alltacht níos mó ar chuid de na ollaimh nuair a shocraigh na léachtóirí dul ar stailc! Léachtóirí ollscoile ag dul ar stailc! Níor tharla sé riamh cheana i stair na tíre! Duine de na hollaimh seanbhunaithe, a raibh sé de cháil air gur fíorannamh a thagadh sé isteach ar obair, thiomáin sé thar an bpicéad.
thiomáin drove
" com (féach an nasc de leataobh) a roinneann an-eolas faoin mbealach gur thiomáin Pinterest trácht agus, dá bharr, airgead chuig a ghnó.
thiomáin siad they drove
" Thug mo dheartháir is sine John mo thicéad do chomharsa dá chuid, Neil, agus thiomáin siad le chéile go *Sheffield* le haghaidh an chluiche.
a mheasann gur dhíbhir Naomh Pádraig na nathracha nimhe who think St. Pat drove out the snakes
" Ach ar ndóigh beidh siad ann i gcónaí nach ligfidh an leisce dóibh a mhalairt a thuiscint; na daoine a mheasann gur dhíbhir Naomh Pádraig na nathracha nimhe as Éirinn, gur muslamach é Barack Obama, nach bhfuil aon ghlacadh ag Aontas na hEorpa le bananaí cama agus nach bhfuil an domhan cruinn!
Bhí fís ag tiomáint an fheachtais a vision drove the campaign
" Bhí fís ag tiomáint an fheachtais le stáisiún teilifíse a fháil: shíleamar go mbeadh tionchar thar na bearta ag stáisiún teilifise nua-aimseartha ar iompar teanga daoine óga, sa Ghaeltacht ach go háirithe.
B’in croí na conspóide that was what drove the controversy
agus é ag tiomáint cairr as he drove a car
" Mná na Síochána ======= Ar an 10 Lúnasa 1976, lá deas grianmhar, bhí Anne Maguire agus a triúr páistí ag siúl ar Bhóthar Fhionnachaidh nuair a scaoil Arm na Breataine Danny Lennon, ball den IRA, agus é ag tiomáint cairr ar a raibh na saighdiúiri sa tóir.