Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
deonacháin fola blood donation
" In ainneoin an deonacháin fola a rinne sí agus an t-airgead a bhronn sí, mhothaigh sí gur chóir di níos mó a dhéanamh.
shíntiúis phríobháideacha private donations
" Is suíomh neamhbhrabúsach é a bhfuil stádas ponc org aige (tá sé ag brath go hiomlán ar shíntiúis phríobháideacha agus ar an Wikipedia Foundation), agus tá moladh ard faighte aige mar shampla den eolas daonlathaithe agus de bhrí nach bhfuil sé lán fógraí a léimeann aníos agus go bhfuil saoirse iomlán ann ó thaobh eolas a thabhairt agus a fháil.
bronntanais donations
" Thug Joe Kennedy bronntanais do McCarthy agus bhí Bobby Kennedy ina bhall d’fhoireann an tseanadóra ar feadh tamaill, fiú.
bronntanais donations
" Ó thaobh airgid de, thug daoine agus gnólachtaí áitiúla bronntanais dúinn agus fuair muid roinnt deontas freisin.
bhailíodh sé síntiús he used to collection a donation
" D’eagraíodh fear as Cumann an Athar Uí Mhurchú an “Old IRA Widows Tournament” chuile bhliain agus thugadh sé cuireadh do chlub sóisear eile imirt i gcoinne “Father Murphys” ar son coirn agus bonn agus bhailíodh sé síntiús (punt sa sean-seanairgead) ó gach imreoir ar mhaithe le baintreacha na sean-Óglach.
síntiús polaitiúil political donation
" Dhá scór bliain ina dhiaidh sin, nuair a chuir mé an iasacht i gcuimhne dó oíche amháin i ndiaidh Bheannacht na Naomhshacraiminte sa Bhaisleac i gCnoc Mhuire, mhaígh sé gur síntiús polaitiúil a bhí ann, agus mheabhraigh sé dom nach mbíonn dul siar ar a leithéid nó teacht aniar as ach oiread.
ag bailiú tabhartas don chás cúirte, collecting donations for the court case,
" Dar lena dhlíodóir, Annette Sykes, a bhí taobh leis ag bailiú tabhartas don chás cúirte, beidh cás Iti ina ollchás náisiúnta.
deonachán donation, contribution
" Ba é deonachán polaitiúla de chuid Haim Saban, toicí Iosraelach na meán cumarsáide, a bhí i gceist aige a tharraingt siar mura ndéanfadh Pelosi amhlaidh.
ndeonacháin donations
" Le sé bliana anuas, fuair Lieberman – an faighteoir is mó sa Seanad – $1,226,956 i ndeonacháin pholaitiúil ó thacadóirí Iosrael.
deonachán orgán organ donation
" Arú anuraidh, an gá atá le deonachán orgán a bhí i gceist.
síntiúis donations
" ”* Thairis sin, faigheann cuid de thacadóirí Iosrael is láidre ar Chnoc Washington síntiúis pholaitíochta ó Soros.
shíntiúis donations
" D’fhoilsigh siad bille anuraidh a chuirfidh sriain ar shíntiúis pholaitiúla.