Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag dingeadh as grinding out (usually with a noise, also used to describe a red-faced child doing his 'thing' in his nappy)
" "Buaileann tallannacha iontacha an rud sin, ní luaithe é ag dingeadh as nó é ina stad glan.
mulldaí beag a term of endearment to describe a fat 'cherubic' baby. Only used for babies and children, otherwise usually used to poke fun or in an insulting way
" "Árú cad é an dóigh nach dtiocfadh leat an mulldaí beag seo a mhilleadh?" arsa Nuala agus chrom sí os a chionn.
muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol confident of the capacity of the Irish language to describe their lives accurately
" Go mbeadh an ghlúin óg muiníneach as acmhainn na Gaeilge cur síos go paiteanta ar a saol.
cur síos describing
" Pé scéal é, agus mé ag cogaint na ceiste seo (maith dom an t-imeartas focal), bainfidh mé leas as an nath "fíor-ramhar" le cur síos a dhéanamh ar *"obese"*, agus as ár seanchara "ramhar" nuair nach bhfuil i gceist agam ach duine atá beagán róthrom dá aois agus dá airde.
inar chuir sé síos ar a mhíshuaimhneas faoina mhisean in which he described his unease about his mission
" Duine de na saighdiúirí a maraíodh san Afganastáin le déanaí ná Anthony Boneca, ógfhear ó Thunder Bay, Ontario, a bhí i ndiaidh teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh chuig uncail leis, teachtaireachtaí inar chuir sé síos ar a mhíshuaimhneas faoina mhisean agus faoin easpa traenála a bhí faighte aige.
Rinne sé mionchur síos uirthi. He described her in detail.
nach bhféadfaí cur síos orthu which you couldn't describe
" D’fhág sé an *Times* anuraidh – i gcúinsí nach bhféadfaí cur síos orthu mar scaradh na gcarad – agus tá sé anois ag scríobh don *Irish Independent*.
a ndearna mé cur síos orthu which I described
" Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.
fear a ndearna sé cur síos air mar a man he described as
" D'inis an tOllamh Ó Siadhail dúinn tuige ar scríobh sé an leabhar seo faoi Bhéaslaí – fear a ndearna sé cur síos air mar "*Irish Catholic and Scouse*”.
cur síos ar an anluí describes the addiction
" Sa leabhar seo aige déanann Seán Óg cur síos ar an anluí a bhí aige leis an bpeil.
Tá cur síos aige He describes
" Tá cur síos aige freisin ar an gcaoi ar tháinig tuiscint nua ina shaol níos déanaí, go bhféadfadh rudaí eile sa saol, seachas peil, a bheith tábhachtach.
oíche ar baisteadh night when they it was described as
" B’shin an oíche ar baisteadh ‘damhsa ar an sean-nós’ ar an saorstíl damhsa, a bhí sealbhaithe ó dhúchas i gConamara ag dornán beag damhsóirí.
ag gairm being described/called
" Cé go raibh an Rinneach ós cionn ceathracha bliain d’aois am déanta an scannáin, bhíothas fós ag gairm ‘an t-iománaí is fearr’ air.
ag trácht ar describing
" Sin é an bealach atáimid” a deir sí ag trácht ar an allmhairiú ceoil.
dá ngairtear which is described as
" Is féidir a bheith cinnte faoi rud amháin ar aon nós – má bhionn na fadhbanna chugainn chomh dona lena bhfuil á dtuar dúinn ag an GIF, beidh níos mó ar ár n-aire ar ball ná rud beag dá ngairtear ‘cúlú i ngeilleagar an domhain’.
cur síos describes/description
" ” Déanann sé cur síos ar seo ar fad san amhran “Chelsea Hotel”: I remember you well in the Chelsea Hotel/ You were talking so brave and so free/ Giving me head on the unmade bed/ While the limousines wait in the street/ Those were the reasons and that was New York/ I was running for the money and the flesh/ That was called love for the workers in song/ Probably still is for those of us left.
chun cur síos to describe
" Cogaíocht thar Lear Cé nach bhfuiltear ag úsáid an fhocail "quagmire" níos mó chun cur síos ar an Iaráic, is léir anois nach raibh plean imeachta ag réimeas Bush, agus dheimhnigh Obama go gcúlódh fórsaí Mheiriceá as an tír sin faoi 2010.
thugann cur síos ort describe you
" **Cé na focail is fearr a thugann cur síos ort? Nuálaí, smaointeoir, fiontraí nó eile?** Tá cúpla focail a d’fheilfeadh dom faoin am seo de mo shaol, measaim.
ag déanamh cur síos ar describing
" Bhí canúint láidir Shasana ag Charlie, ach bhí gnéithe de chanúint Bhéarla Chiarraí measctha tríthi agus ba dhraíochtúil éisteacht leis ag déanamh cur síos ar eachtraí Micko, cé go mba dheacair é a thuiscint ar uairibh.
Áirítear is mentioned, described as
" Áirítear é ar cheann de phríomhailtirí na sochaí atá againn inniu.
Tugtar cuntas is described
" Tugtar cuntas sa scéal ar eachtra a tharla ar oileán na Corsaice ina maraítear athair beirt clainne.
ríomh describe
" Beidh triúr de sheanmhuintir na háite ann le grugaillí, feithidí agus lusanna portaigh a aithint agus lena leigheasanna siúd, luibheanna, a ríomh dúinn.
iomrá orainn we (were) described
" De thairbhe go raibh iomrá orainn go raibh muid ‘measúil’, bhí deis againn dul i bhfeidhm ar eagraíochtaí eile.
Níl ríomh ar there's no describing
" Níl ríomh ar an mbuntáiste a bhaintear as an imirce seo, ar ndóigh.
le ríomh to relate, to describe
" Thíos le Bua nó Céim Suas as an gCailleadh =============== Cé nach bhfuil an scéal ceannann céanna le ríomh maidir le cúrsaí iomána, tá sé thar a bheith soiléir nach ndearna sé dochar do fhoireann Thiobraid Árann an chéad bhabhta de chraobhchomórtas na Mumhan a chailliúint i gcoinne Chorcaí.
bheachtaigh accurately described
" Ba ar an 11 Samhain, 2005 - an oíche roimh thús chomhdháil bhliantúil Fhine Gael i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh - a bheachtaigh Enda Kenny an beartas i leith ábhar roghnach a dhéanamh den Ghaeilge i ndiaidh an teastais shóisirigh i dtús ama.
cuireadh síos was described
" Is minic é ráite cheana, ach is fiú é a rá athuair: *“Bhí an tErectus ina cockup!”* Ba é sin mar a cuireadh síos arís ar an tseachtain ragairne a bhí ag na fíor-Ghaeil Ghaelacha i gCill Airne ag deireadh na míosa seo caite.
a ndéantar cur síos air which is described
" Is nós leis an teaghlach Moslamach caora a mharú i gcuimhne ar an eachtra a ndéantar cur síos air sa Chóran ina n-iarrann Allah ar Ibrahim (Abrahám sa traidisiún Giúdach agus Críostaí) a mhac, Ísmeáéil, a mharú mar chruthúnas ar a umhlaíocht roimh Dhia.
Shonraigh described
" Shonraigh an staraí, Joe Lee, na lochtanna seo fiche bliain ó shin, ach bhí an córas polaitíochta dall agus bodhar ar a chuid argóintí.
ag déanamh cur síos ar describing
" Saothar trí Ghaeilge a bhí i gceist agus ba spéisiúil agus ba spreagúil a bheith ag éisteacht leo agus iad ag déanamh cur síos ar an obair a rinne siad.
bhaist called, described
" Ina áit sin, d'fhéadfaí go mbronnfaí an post fíoríseal seo air (a bhaist a iar-leathbhádóir i nDún Laoghaire, David Andrews, 'the Minister for Fish and Ships' air!) Is dócha ná a mhalairt gur cheapachán ghearrthréimhseach a bheas anseo.
Áirítear an eachtra seo this incident is described
" Áirítear an eachtra seo ar cheann de na timpistí timpeallachta is measa riamh agus de réir saineolaithe ón nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, tá impleachtaí fadtéarmacha ann don timpeallacht agus do phobail chósta áit ar bith a dtarlaíonn doirteadh ola san fharraige.
rinne cur síos ar described
" Shíl TP Flanagan nach mbeadh mórán le rá aige faoi thírdhreachanna a cheantair féin nach raibh ráite cheana féin ag ealaíontóirí a tháinig roimhe, ar nós Paul Henry, Tom Carr agus JB Yeats, a rinne cur síos ar chósta iarthuaisceart na hÉireann ar a mbealach suntasach féin.
ag cur síos ar describing
" D'éalaigh triúr a bhí ag déanamh staidéir ar phróisis shíochána ó cheann de na córais dhlíthiúla ba mheasa ar domhan an tuigbheáil atá ag Ruane agus í ag cur síos ar na cages inar coinníodh na fir i gcuideachta mangairí drugaí, agus paramilitares den eite dheis, gardaí armtha gach áit.
le cur síos ar to describe
" Is minic a bhaineann na tráchtairí spóirt, chomh maith le Tadhg an mhargaidh, feidhm as an meafar Béarla, ‘ag leadradh os cionn a meáchain’, le cur síos ar éachtaí lucht an spóirt abhus.
ag cur síos ar describing
" "Níl ann ach comhartha" thig leat a rá, mar is fíorbheagán an méid Albannach le Gaeilge, go mór mór in aice leis an teorainn, ach do shléibhteoirí is comhartha maith é mar sna Garbhchríocha tá beagnach gach logainm i nGaeilge, cuid mhaith acu ag cur síos ar an tírdhreach - rud atá iontach feidhmiúil má bhíonn tú ag lorg, cuirim i gcás, Cnoc Fada.
a dtugtar is described
" Ní thosaíonn an bóthar ag dul in airde i gceart go dtí go bhfágfar Moutiers, baile gruama faoi scáth na sléibhte a dtugtar baile tairsí na nAlp air sna bróisiúir thurasóireachta.
ag déanamh cur síos ar describing
" ‘C’est carte postale,’ a dúirt sé agus é ag déanamh cur síos ar an radharc thíos fúinn.
ag cur síos ar describing
" Labhair Soini go sibhialta cúramach le linn an fheachtais agus é ag cur síos ar choimhthígh.
chuir sé síos ar he described
" An raibh pointe ann nuair a ghéill muid d'fhorlámhas an chaipitleachais agus chaith an ceart sóisialta isteach i mbosca bruscair na staire? Cén bhliain inar thug an margadh an buille marfach don stát i gcúrsaí geilleagair? Sa chaint a thug an staraí John Gray, chuir sé síos ar an dóigh ar láimhseáil tíortha éagsúla géarchéimeanna geilleagair ó Bhoilgeog na Mara Theas i 1720 (atá an-chosúil le géarchéim na linne seo) go dtí an an Spealadh Mór a lean Cliseadh Shráid Wall i 1929.
Níl cur síos ar there’s no way to describe
" Níl cur síos ar na radhairc a chonaic muid ar an aistear go dtí an mhórsceir.
cur síos ar to describe
" 
Léigh mé comhrá ar an idirlíon ina raibh daoine ag iarraidh oibriú amach cé a chéadchum an téarma ‘Taliban Lite’ le cur síos ar an DUP agus creidim go bhfuil an gradam sin tuillte agam féin - scríobh mé faoi na DUPs agus na Wee Frees mar ‘Taliban Lite’ - ar beo.
rinne mé cur síos ar I described
" An mhí seo caite, rinne mé cur síos ar fhíseán a d’eisigh al-Qaeda i mí Meithimh inar ghríosaigh Adam Gadahn, urlabhraí Béarla na buíne, a lucht leanúna i Meiriceá teacht ar ghunnaí agus jihad foréigneach gan trócaire a fhearadh ar “chomhghuaillíocht na Síónach agus na gCrosáidirí” thall.
ag cur síos ar describing
" Marek, cuir i gcás, agus é ag cur síos ar a chuid anró ar shráideanna Bhaile Átha Cliath sular éirigh leis a bhealach a dhéanamh abhaile.
cur síos a dhéanamh ar to describe
" Deir Luke Syson, coimeádaí Dánlann Náisiúnta Londan, gur le linn na tréimhse seo a d’fhorbair da Vinci an nasc idir an eolaíocht agus an phéintéireacht agus gur chreid sé ‘gurb í an tsúil agus an rud a chonaic tú an tslí is cumhachtaí leis an saol a bhrath agus gur chuidigh sé seo le cur síos a dhéanamh ar achan rud a bhí infheicthe chomh maith leis an rud inmheánach dofheicthe sa phéintéireacht.
léirítear described
" Is tábhachtaí go minic ar fad an t-imram inmheánach a léirítear ná sonraí an tsaoil sheachtraigh.
cur síos ar to describe
" Chuir ceannaire na droinge seo, Newt Gingrich, cáipéis amach ag tathant ar bhaill den Pháirtí Poblachtánach cur síos ar na Daonlathaigh mar "fealltóirí", "fímínigh", "coirpigh", agus a leithéid.
Ní chuirfimid síos go mion we won’t minutely describe
" Scaradh le Seán Buí ========== Ní chuirfimid síos go mion anseo ar stair gheilleagar na tíre seo ó scaramar leis an Sasanach; is leor a rá go ndeachamar ár mbealach féin go dtí na seascaidí.
Chuir sé síos ar he described
" Chuir sé síos ar an chaimiléireacht, an tsaint, an craos chun cumhachta, na gealltanais nár comhlíonadh agus doirteadh ollmhór na fola nuair a bhí an ceathrú cuid de dhaonra an domhain faoi smacht ag Impireacht na Breatáine.
mar a thug sé uirthi as he described her
" Dúirt McGuinness roimh an choinne le Banríon Shasana, mar a thug sé uirthi, go raibh sé ag croitheadh láimhe le gach Aontachtaí ó thuaidh ag an am chéanna agus is léir go bhfuil dúnghaois *“hearts and minds”* Shinn Féin le haontachtaithe a spreagadh i dtreo Éire Aontaithe ag dul i dtreis.
chuireann síos go cruinn precisely describes
" Tháinig Mac an Oilc ar an Fhód ============== De réir Philip Coggan (eagarthóir ar Mhargaí Caipitil le The Economist agus údar an leabhair cháiliúil Paper Promises a chuireann síos go cruinn ar stair an airgid agus ar chúiseanna na géarchéime domhanda), tá dhá chúis mhóra le fás millteanach an airgeadais, mar atá, deireadh an chórais Bretton Woods i dtús na seachtóidí agus idé-eolaíocht Thatcher agus Reagan sna hochtóidí.
rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht described her growing up
" In Ard Eoin a rugadh agus a tógadh Íosa Mhic Giolla Mháire, an bhean a rinne cur síos ar a teacht i méadaíocht sa cheantar sin mar an t-am ba shona riamh ina saol.
rinne cur síos ar described
" B’fhearr dúinn, dar le Ferguson, ceacht Bernard Mandeville a fhoghlaim ón ndán fáthchiallach aige siúd a bhaineas leis na beacha, The Fable of the Bees, dán a rinne cur síos ar dhul chun cinn sochaí a bhí lán le daoine laga cantalacha.
Scéal corraitheach a insítear a story of turbulent times is described
" An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach.
le cur síos ar an bhfianaise to describe the evidence
" Baineann Noone feidhm as an meafar, “snámhraic agus muirchur”, le cur síos ar an bhfianaise faoi úsáid na teanga a fuair sé le linn a thaighde.
déanann sé cur síos ar an dóigh he describes how
" Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: *“A shiver runs down my spine.
dhéanann cur síos chomh mín sin describes so minutely
" Ní minic leabhar a léamh a dhéanann cur síos chomh mín sin ar íogaireachtaí ar leith an gharsúir.
Thug sé gadaí agus bréagadóir air he described him as a thief and a liar
" Thug sé gadaí agus bréagadóir air agus níorbh aon ionadh é nuair a fuarthas Stokes neamhchiontach.
ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air but it wasn’t correctly described scientifically
" Mura mBíonn ach Galar Agat, Bí i Lár an Aontais Eorpaigh Leis ============================== Tugadh an galar faoi deara ar dtús sa Pholainn i 1992 ach ní dhearnadh cur síos ceart eolaíoch air go dtí 2006.
chuireann tú síos ar you describe
" Cad é mar a chuireann tú síos ar Julie Feeney? Chomh luath is a shileann tú í bheith aimsithe agat, nochtar gné eile dá pearsantacht, dá cuid ceoil, dá hintleacht.
rud nach dtig liom cur síos air something I can’t describe
" Sin an fáth go gcreidim go bhfuil sé ionam ó dhúchas, rud nach dtig liom cur síos air," arsa Julie.
ach ag cur síos ar réadúlacht a saoil just describing the reality of her life
" Ní ag gearán atá Julie, níl sé ach ag cur síos ar réadúlacht a saoil nach bhfeiceann daoine ach an chuid is galánta de.
agus é ag cur síos ar chúrsaí reatha while he described current events
" Thug Dáithí Ó Colchúin, nach maireann, “bliain na dteifeach” ar an mbliain 2001 agus é ag cur síos ar chúrsaí reatha san Astráil in Eagrán 9 den iris seo i mí Eanáir 2002.
agus cur síos á dhéanamh acu ar while they described
" Bhain cainteoirí agus scríbhneoirí leas as focail agus nathanna áirithe arís is arís eile agus cur síos á dhéanamh acu ar Pháidí Ó Sé: fathach peile, gaiscíoch, laoch, uasal, dílis, tiomanta, láidir, fear cuideachta, fear Gaeltachta, fear spraoi, fear a thug uaidh ar son an phobail, Ciarraíoch go smior.
rinne cur síos ar described
" ” B’shin croílár leabhair tábhachtaigh Tom Garvin cúpla bliain ó shin, Preventing the future: why was Ireland so poor for so long? (2004), leabhar a rinne cur síos ar na laigeachtaí cultúrtha agus intleachtúla inmheánacha a chuireadh bac roimh an bhforbairt náisiúnta.
thug sé ar an iallach he described the obligation
" ‘Uirlis mhaol,’ a thug sé ar an iallach a bhíonn ar dhaltaí scoile céad teanga an stáit a fhoghlaim don Ardteist.
Siúd é ag cur síos dom ar he then started to describe to me
"Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
rinne sé cur síos ealaíonta ar he described perfectly
" Insna litreacha sin, rinne sé cur síos ealaíonta ar chaimiléireacht impriúlach na mBeilgeach agus na mBriotanach, agus ar na laigeachtaí ilghnéitheacha polaitiúla a chur srian ar shaoirse Hammarskjöld scaradh de jure Katanga a sheachaint de réir ráitis oifigiúla an Choiste Slándála.
Cuir síos sula gcuireann tú suas describe before you publish
" 3 Cuir síos sula gcuireann tú suas: Muna bhfuil trascríobh agat, nó muna bhfuil mórán cainte i do chuid físeán, bí cinnte go ndéanann tú mionchur síos air.
d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl to describe a massive change
" Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’.
sásta a rá go mba content to describe as
" Féiniúlacht Éireannach ó Thuaidh ========== Ceann de na nithe ba mhó spéise domsa, sna torthaí ón Daonáireamh a tógadh i 2011, ná an céatadán mór daoine a bhí sásta a rá go mba *‘Northern Irish only’* an fhéiniúlacht a bhí acu.
rinne cur síos ar described
" ”* Freagracht Lucht na Meán agus na Polaitíochta ========== Léigh sí slíocht dúinn as bileog eolais de chuid an English Defence League (EDL) a rinne cur síos ar *‘the scrounging Irish,’* ach mhaígh sí go bhfaigheann siad spreagadh ó na ráitis sna meáin agus ó na polaiteoiri.
an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil the type of violence he wished to describe
" B’shin an saghas foréigin ar theastaigh uaidh cur faoi chaibidil le Krishnan.
ionracas na dígnite sin a chur in iúl to describe the honesty of that dignity
" Le linn díospóireachta cairdiúla i dtigh tábhairne éigin i Ulysses, d’éirigh le Joyce ionracas na dígnite sin a chur in iúl le híomhá chorraitheach.
chuirtear síos ar an fhís describes the vision
" ‘Talamh gan chine do chine gan talamh’ an mana a chuirtear síos ar an fhís a bhí ag Síónaigh don Phalaistín.
a ndearnadh cur síos ar a scéal léin whose tale of woe was described
" Inimircigh Fho-Shaháracha i Maracó ================ Níl aon rud eisceachtúil ag baint leis an saghas taithí ar an saol i Maracó atá ag Eric Tabo, a ndearnadh cur síos ar a scéal léin sa New York Times anuraidh.
a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar which describes the behaviour of patients
" Agus feidhm á baint as scoláireacht de chuid na hÍsiltíre a dhéanann cur síos ar iompar na n-othar agus na ndochtúirí sa tír sin fén réimeas dleathach ana-dhifriúil, dhiúltaigh na breithimh aithris a dhéanamh ar an gcóras Ísiltíreach a ghlac le ‘*560 patients (some 0.
mná ar tugadh striapacha orthu women who were described as prostitutes
" I mí na Bealtaine 1885, ghabh na húdaráis i Luimneach mná ar tugadh striapacha orthu agus sciobairí póca (idir fhir is mhná) agus bearradh gruaig na mban sular ligeadh isteach sa Teach Oibreachais iad, i.
gcuireann sí síos ar na nascanna she describes the links
" Tugann Linda caint dar teideal ‘Hidden History of Protestants and the Irish Language’ ina gcuireann sí síos ar na nascanna a bhíodh is atá idir an Ghaeilge agus Protastúnaigh, ó Arm na Breataine (‘Fág an Bealach’ rosc cath nó mana na Connaught Rangers) go dtí paraimíleataigh dhílseacha féin (‘Lámh Dearg Uladh’ mana na Red Hand Commandos, scaifte taobh istigh den UVF).
cuireann sí síos ar an dóigh ar she describes how
" " Feiceann Súil Ghlas Ula Ghlas ============= In alt thar a bheith spéisiúíl a scríobh Mary Burgess sa chéad *Field Day Review* i 2005, cuireann sí síos ar an dóigh ar oibrigh staraithe, státseirbhísigh agus tíreolaithe le ginealach ársa Briotanach a bhronnadh ar na Sé Chontae.
thabhairt orthu féin mar fhéiniúlacht to describe themselves in regard to identity
" Sin ráite, rinne cumadóirí finscéal bunaidh an Stáit ó thuaidh jab chomh maith sin is go bhfuil daoine anois ann atá sásta *Northern Irish* a thabhairt orthu féin mar fhéiniúlacht.
rinne sí cur síos ar she described
" I litir 17-leathanach a scríobh an bhean, rinne sí cur síos ar an íde a tugadh di nuair a chuir sí in aghaidh an aistrithe.
chuir sé síos ar he described
" 
Bhí sé ag caint ar Good Morning Ulster agus chuir sé síos ar an oíche a chaith sé i gcuideachta eagraíochtaí carthanachta, Arm an tSlánaithe san áireamh.
is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh it’s hard to describe it as Irish any longer
" Smaoiním ar an saibhreas cainte a bhuail sna cluasa mé nuair a chuir mé fúm anseo dhá scór bliain ó shin agus nuair a cuirtear sin í i gcomórtas leis an dteanga bhocht tanaí atá anois á labhairt mar ghnáth-theanga chumarsáide, tagann lagmhisneach orm agus cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh truaillithe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!
is fearr le cur síos a dhéanamh uirthi best to describe it
" Nílim cinnte cad é an bealach is fearr le cur síos a dhéanamh uirthi, ach bainfidh mé triail as! Tá sé ar nós bosca mór ar cheithre roth.
a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar which they’ll use to describe
" Má fhaigheann siad Tickets chun freastal ar cheolchoirm, is é an focal cool a mbainfidh siad leas as chun cur síos a dhéanamh ar na Songs ar fad.
dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar a group I’ll describe as
" I bhfaiteadh na súl, bhí dream a ndéanfaidh mé cur síos air mar bhuíon troda ad hoc tagtha ar an saol san áit a raibh mise agus cuid mhór iriseoirí eile, ag ceann an léirsithe.
ag déanamh cur síos ar describing
" Má théann polaiteoir thar fóir ag déanamh cur síos ar ghinmhilleadh déanach, abair, nó má sheolann daoine teachtaireacht creidimh chuig polaiteoir nuair nach duine le creideamh é, is féidir le polaiteoirí feidhm a bhaint as sin le héalú ón bhfíordhíospóireacht.
chuireann sé síos air féin he describes himself
" “As one of his less excitable admirers,” a chuireann sé síos air féin.
Ní chuireann aon nath síos ar nothing describes
" Ní chuireann aon nath síos ar an fhichiú haois níos cruinne ná teidil an leabhair staire le Clive Pointing, An Dul Chun Cinn agus an Bharbarthacht (.
rinne sé cur síos ar he described
" Seo mar a scríobh an Sasanach Dixon Scott i 1900, nuair a rinne sé cur síos ar thuaisceart Learphoill *“where the majority are either Irish or of Irish descent, … It follows, therefore, that here alone in Liverpool do you get a specific dialect.
le cur síos a dhéanamh ar bhás na bhfoilseachán Gaeilge to describe the demise of the Irish publications
" Go deimhin, má leanann rudaí mar atá ní bheidh aon fhoilseachán Gaeilge againn le cur síos a dhéanamh ar bhás na bhfoilseachán Gaeilge! An mhí seo caite, d'fhógair an nuachtán Foinse ar Twitter go raibh deireadh ag teacht le foilsiú an nuachtáin i bhfoirm cló agus gur ar an idirlíon amháin a bheas fáil air feasta.
rinne sé cur síos ar an tubaiste he described the disaster
" Bhí m’athair féin, Joe, ar dualgas an oíche sin mar ‘fhear faire tine’ agus rinne sé cur síos ar an tubaiste nuair a bhí mé óg.
ag déanamh cur síos air describing
" Ní comórtas é a shamhlaím le soineantacht agus nádúr na hóige a raibh Ní Dhomhnaill ag déanamh cur síos air sa dán grámhar úd.
agus í ag déanamh cur síos ar an bhfulaingt as she describes the suffering
" Creidim go bhfuil an-bhrí ag baint leis na lirící, agus í ag déanamh cur síos ar an bhfulaingt is ar an doghrainn a bhí sa bhriseadh croí seo.
i bhfad róchasta le cur síos iomlán a dhéanamh air far too complicated to describe fully here
" Tá sé i bhfad róchasta le cur síos iomlán a dhéanamh air anseo, ach caithfidh tú leabhair a roghnú - *The Star Factory* le Ciaran Carson sa chás seo - léann an t-údar sleachta fánacha as, seinntear ceol traidisiúnta, agus gach fuaim atá luaite sa leabhar, is éigean sin a thaifeadadh le go mbeidh sé mar chuid den taibhléiriú.
ar a bhfuil cur síos which are described
" Bhí ar an chlúdach: ‘*Published by Amadorn*’, agus bhí an méid seo sa réamhrá: ‘Tá an gleann atá i lár na siúlóidí, ar a bhfuil cur síos sa leabhar seo, ainmnithe i ndiaidh an dea-dhuine sin, Naomh Pádraig.
le bheith ag trácht ar to describe
" Ná Déan Nós is Bris Muinéal ========== Níor chaith mé tréimhse ní b’fhaide ná aon bhliain amháin ar an gcoigrích agus dá bharr sin ní dóigh liom go bhfuil an t-údarás céanna agam is atá ag Hijmans le bheith ag trácht ar an suaitheadh saíochta, ach fós féin tá ruainne beag de airithe agam.
rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil described the fast physical demise
" Scríobh Hitchens leabhar sainiúil deireanach darbh ainm Mortality, cnuasach aistí ilghnéitheacha a rinne cur síos ar a mheath tapaidh fisiciúil.
le cur síos ar to describe
" Táthar ann ina measc a dhiúltaíonn scun scan glacadh leis an bhfocal ‘cogadh’ le cur síos ar an bhforéigean.