Léiríonn sé arís, mar a rinne John McEnroe, nach míbhuntáiste ar bith é a bheith i do charracháinín críochnaithe má tá tú ag iarraidh daoine eile a chloí.
In éineacht léi tá ceithre náisiún Artacha eile ann – Na Stáit Aontaithe, An Danmhairg (ar léi an Ghraonlainn), Ceanada, agus An Iorua, agus tá sé intuigthe nach raibh siadsan róshásta le concas siombalach seo na Rúiseach.
Na 'Bamberger' seo, b'as Bayern iad, agus tar éis an chogaidh a raibh an Caisideach bocht páirteach ann, de bharr an tuath a bheith bánaithe, cuireadh slua den treibh sin go dtí ceantar Phoznań, áit a bhí curtha faoi chois ag na Prúisigh fada fíochmhara.