Is ag tiomáint a bhí mé agus moltar don tiománaí stopadh gach 200 cileaméadar le sos a ghlacadh chun a chinntiú nach dtitfidh sé ina chodladh nuair bheidh sé taobh thiar den roth stiúrtha agus an carr faoi lánseol.
Is iarsma é Seanad Éireann den dearcadh a bhí coitianta sna 30í a dhearbhaigh go bhfuil tábhacht ar leith ag na gairmeacha agus gur chóir go mbeadh guth acu sa chóras pholaitiúil.
Caithfear dul i ngleic leis an doiléire sin agus roinnt na hoibre idir an Foras agus an tÚdarás nua a dhaingniú go soiléir sa reachtaíocht nua má tá rath le bheith ar an straitéis seo.
Ina fhianaise sin go léir, ní dhéanfar iontas de go n-áiríonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe go bhfuil na hEmberá ar na pobail dhúchais sa Cholóim atá i mbaol a dhíothaithe.
Ba as sin a d'eascair an reachtaíocht chun Páirceanna Náisiúnta a bhunú i 1949 (ceantar Kinder Scout ina measc) agus an reachtaíocht i 2000 a thug Cead Slí Deimhnithe do dhaoine ar cheithre mhilliún acra de thalamh i Sasana agus sa Bhreatain Bheag.
Ríomfaidh sé roinnt de na dea-scéalta agus roinnt de thubaistí an tsiúil sléibhe a thit amach, mórán ag an am chéanna, le linn an Gheimhridh, agus áireoidh roinnt den dream daoine a sciobadh go fanach ag maidhmeanna sneachta is iad ag baint sult as caitheamh aimsire follán amuigh faoin aer.