Tá roinnt rudaí ar gá a bheith cúramach fúthu, áfach, le cinntiú go n-éireoidh leat do chuid oibre a dhéanamh go héifeachtach sa bhaile: caithfidh an spás bheith oiriúnach – níor cheart do dhuine bheith ag obair i seomra leapa nó sa chistin, mar shampla; ní mór duit deasc agus cathaoir cheart a bheith agat (níl sé
inmholta an ríomhaire bheith ar do ghlúine agat an lá ar fad, mar shampla).