Pamela Geller, cuir i gcás, blagadóir as Nua-Eabhrac a bhfuil luí aici le polaitíocht na heite deise ("Atlas Shrugs" is ainm dá blag, in ómos don fhealsúnaí frithchumannach Ayn Rand) agus leis an bhfrith-Ioslamachas (bhunaigh sí grúpa darb ainm *Stop Islamization of America* ar mhúnla na buíne *Stop Islamisation of Europe* sa Danmhairg agus sa Ríocht Aontaithe).