Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Mar a luas cheana As I mentioned earlier
" Mar a luas cheana, tá cáil an cheoil ar an áit agus má thagann tú trasna ar an dream ceart, ní chífidh tú aon leaba! *Tá Odi Ní Chéilleachair agus a deirfiúr Sorcha tar éis a gcéad albam ('Briseann an Dúchas') a eisiúint ar an lipéad Cló Iar-Chonnachta.
luaitear it is mentioned
" Sa leabhar *The Last of the Name* a scríobh Charles McGlinchey faoi bhéaloideas Inis Eoghain, luaitear go ndearna fear áitiúil, Eoin O'Kerrigan, fiosrú faoi ráig den ghalar crúibe agus béil i mBun Cranncha.
gan trácht ar not to mention
" Tar éis mheathlú na mblianta 1981 agus 1999 bhí sé soiléir do mhórán Coimeádach (gan trácht ar gach duine eile) nach raibh ag éirí chomh maith is a ceapadh leis an pholasaí *laissez-faire* ná le fiontraíocht phríobháideach.
luaite mentioned
" B'in í mo chomharsa Síle! "A Shíle," arsa mise léi, "tá tú luaite ar an idirlíon!" Bhain sí an-sult as sin.
gan trácht not to mention
" Má thugaimid tús maith do pháistí - ón am a bhíonn siad sa mbroinn, go dtí an chéad chúpla bliain sa bhaile, go dtí na blianta scoile - cuirfear fad lena saol, gan trácht ar an bhfeabhas a bheidh i gceist.
luadh was mentioned
" Míníodh dom gur dócha nach raibh na cailíní óga thíos leis an gciníochas oiread agus a bhí glúin a máithreacha agus luadh eachtra amháin arís agus arís eile: an chonspóid a bhí ann faoi "school busing".
trácht mention
" Rinne Barra trácht ar "roinnt tionscadal caomhnaithe a chuir Clinton ar bun sular imigh sé as an Teach Bán".
iomrá ar bith no mention of
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
iomrá ar bith no mention of
" Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s'againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh.
is ar éigean gur fiú é a lua it's barely worth mentioning
" Maidir le táille ag an doras, bhuel is ar éigean gur fiú é a lua.
trácht mention
" Ar chuala tú riamh trácht ar na seanadóirí Peter Callanan, Paul Coghlan nó Camillus Glynn? Ceapann an Taoiseach aon duine dhéag eile - daoine iomráiteacha (mar dhea), leithéidí Frank Chambers agus Ann Leonard, ina measc.
trácht mention
" Ach i ngeall ar na cluichí móra go léir i rith an tsamhraidh is beag trácht atá ann le tamall anuas ar an ábhar seo.
trácht mention
" Is iomaí uair a dhéantar trácht ar dhul chun cinn na Gaeilge thar lear, agus an diminsean breise a thugtar don teanga leis an bhforbairt seo.
gan trácht not to mention
" Is beag cumann spóirt, gan trácht ar chumainn de chuid Chumann Lúthchleas Gael, atá lonnaithe sa cheantar lárchathrach.
trácht mention
" Is iomaí móidghealladh a ndéanfar dearmad air agus is beag trácht a dhéanfar ag iriseoirí ar rud ar bith eile seachas an toghchán.
trácht mention
" Céathrú céid i ndiaidh fhoilsiú fhoclóir Uí Dhónaill, níl aon trácht ar athnuachan na foinse tábhachtaí seo.
gan trácht ar not to mention
" Tá cúpla dosaen sainfhoclóir foilsithe ag an nGúm féin, gan trácht ar ábhar atá foilsithe ag Coiscéim, Bord na Gaeilge, Fiontar agus eagraíochtaí eile.
luaigh mé air I mentioned on it
" Mé féin a rinne an póstear a dhearadh don ócáid agus luaigh mé air go mbeadh an léamh dátheangach, rud a raibh mé ag súil leis.
gan trácht ar not to mention
" Tá córas na gcreidiúintí i bhfeidhm sna scoileanna cheana féin (d'obair dheonach, mar shampla) agus is cinnte go gcuirfidh na hathruithe a dhéanfar air mearbhall ar na daltaí, gan trácht ar na tuismitheoirí.
trácht mention
" (Anois, cén áit ar chuala tú a leithéid cheana?) Ach is beag trácht atá déanta ar cheachtanna beaga staire mar seo ó thosaigh an scannal reatha.
Gan trácht a dhéanamh ar not to mention
" Cén fáth (nó cad chuige/cad ina thaobh) an Pholainn? Cad atá ann? Cá bhfuil sí? An Ghaeilge?! Na créatúir bhochta! Gan trácht a dhéanamh ar an méid uaireanta a chuala mé an seanphort céanna sin gurb ionann Lublin agus *Dublin* ach litir amháin a athrú.
gan trácht ar not to mention
" Láidreacht eile de chuid na heagraíochta ná in ionad duine nó beirt a bheith fostaithe aici le háiseanna ilghnéitheacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt, is féidir dul ar thóir na saineolaithe sna réimsí éagsúla le táirgí den chaighdeán is airde a choimisiúnú - ach is féidir leis seo bheith ina laige fosta, ar ndóigh, nuair a bhíonn na daoine is cáilithe do jabanna áirithe róghafa lena gcuid oibre nó dualgas féin! Ní laige de chuid an tionscadail nuabhunaithe í seo, ach ó thaobh fhorbairt ábhair theagaisc de, is míbhuntáiste mór atá ann do Bhreacadh an neamart atá déanta sa tír seo le blianta i dteagasc na Gaeilge scríofa agus léite do chainteoirí dúchais Gaeilge, ag leibhéal na bunscoile nó na meánscoile - gan trácht ar dhaoine fásta.
gan trácht not to mention
" Chomh luath is a shiúlann tú isteach, meallann rud éigin ar nós seanléarscála atá ar díol ann an tsúil nó ceann de na grianghrafanna de chuairteoirí cáiliúla atá crochta ar fud na háite, gan trácht ar an stór mór pictiúr, dealbh agus priontaí.
gan trácht not to mention
" Ní féidir taighde agus forbairt a dhéanamh gan buíon oibre ardoilte, agus ní féidir buntáiste iomaíoch a choimeád, gan trácht ar a fhorbairt, gan taighde agus forbairt.
gan trácht not to mention
" Tá sé deacair go leor ríomhaire a úsáid nuair atá tú i mbarr do shláinte, gan trácht ar cheann a úsáid nuair atá tú faoi mhíchumas ar shlí éigin.
luaite mentioned
" * Deir Séamus liom go bhfuil a leithéid d'áit ann agus An Charraig Liath sa gceantar sin agus go mbíodh Búrcaigh ann agus go mbíodh síbín ann freisin (an siopa dramannach sin atá luaite san amhrán?).
gan trácht ar not to mention
" ) Chun scéal fada brónach a dhéanamh gearr, léigh mé fógra faoi chúrsaí teanga i nDún na nGall agus chuala mé go raibh caighdeán ard múinteoireachta i gceist ansin, gan trácht ar an gcraic agus an scléip sna tithe tábhairne gach tráthnóna.
trácht mention
" Ní raibh trácht ar bith air agus ansin go tobann ceapadh é mar cheannaire ar pháirtí nua-bhunaithe darbh ainm Leefbaar Nederland (Ísiltír ar féidir maireachtáil inti).
trácht mention
" "Bhí trácht ar Dhomhnach na Fola ann, ach ní raibh an reisimint seo i nDoire ag an am sin, bhí siad i mBéal Feirste.
iomrá mention
" Níl mórán iomrá ar imlínte sa leabhar atá leis an fhístéip.
luaite mentioned
" Ní maith le chuile dhuine go mbeadh gach aon riail, gach aon fhoriail agus gach aon eisceacht luaite.
gan trácht ar not to mention
" Spreagadh mór dom a bhí i mborradh sin na Gaeilge agus táim fíorbhuíoch as gach foilseachán idirlín, bíodh sé *Beo*, *Lá *nó *An Teanga Bheo*, gan trácht ar na siopaí idirlín ar féidir leabhair a cheannach uathu.
á lua leis féin being mentioned to himself
" Deir de Róiste gur cuimhin leis an t-ainm á lua leis féin go minic freisin.
luaite mentioned
luaite le mentioned in relation to
" Is é an stair áitiúil is mó atá luaite le Loch an Iúir nó Cath na Rosann a troideadh idir Dálaigh Thír Chonaill agus Niallaigh Thír Eoghain i 1435.
gan trácht ar not to mention
" Bíonn a lán comhluadair acu, idir na turasóirí agus an líon mór cairde atá acu sa cheantar, gan trácht ar an dá chat, Pollo agus Chico.
gan trácht ar not to mention
" Tá dearcadh idirnáisiúnta de dhíth ar bhainisteoir foirne náisiúnta agus tá an taithí sin ag John Aldridge ón am a chaith sé le Real Sociedad na Spáinne ó 1989 go 1991, gan trácht ar na cluichí idirnáisiúnta a d'imir sé le hÉirinn.
trácht mention
" Tá dearcadh idirnáisiúnta de dhíth ar bhainisteoir foirne náisiúnta agus tá an taithí sin ag John Aldridge ón am a chaith sé le Real Sociedad na Spáinne ó 1989 go 1991, gan trácht ar na cluichí idirnáisiúnta a d'imir sé le hÉirinn.
luann sé he mentions
" Ceapann sé go bhfuil an iomáint i mbaol áfach, fiú sna contaetha láidre, agus luann sé mar shampla de sin cás chathair Chorcaí.
tráchta mention
" Ní dócha go bhfuil aon pharóiste beag eile in Éirinn a bhfuil oiread tráchta air trí na blianta is atá ar pharóiste Dhún Chaoin agus is minic an paróiste céanna ar bhéalaibh daoine mar gheall ar rud amháin nó rud eile.
trácht mention
" Ní raibh trácht ar bith ar na ráitis ghnéaschlaonta agus chiníocha iontu.
trácht mention
" Is é an t-amhrán is mó a bhfuil trácht air is dócha ná an ceann a scríobh Séamus, nuair a báitheadh a mhac Pádraig ar an chéad Mháirt d'Fhómhar, 1811.
níl mé ag gabháil a lua I'm only going to mention
" *Ar charraig na ndeor is dó gur chaill mé mo radharc, Is go dtéighe mé faoi fhód ní thógfad m'aigneadh ' do dhiaidh ("An Chéad Mháirt d'Fhómhar ")* Scríbhneoirí ======= Tá ceithre cloigeann déag as Rann na Feirste a bhfuil a saothar foilsithe, ach níl mé ag gabháil a lua ach triúr anseo, triúr deartháireacha Mhic Grianna.
luaite mentioned
" AÓF: An dtaitníonn sé leat a bheith ag taisteal thart leis an mbanna? DNíS: Is breá liom a bheith i m'amhránaí proifisiúnta mar is féidir liom bualadh le ceoltóirí agus amhránaithe difriúla cosúil leis na daoine atá luaite agam.
thuasluaite above-mentioned
" As na tíortha thuasluaite is iad an Éigipt agus an Aráib Shádach is mó a cheanaíonn earraí Éireannacha.
Níor luadh an t-ábhar arís the subject wasn't mentioned again
a luadh thuas mentioned above
" Bhuaigh Uíbh Fhailí an cluiche áirithe sin agus bhí cuid mhaith de na deartháireacha a luadh thuas ag imirt.
gan trácht ar not to mention
" Ní hea! Ní bhfuair sé ardú tuarastail! Is ar éigean a fhaigheann sé tuarastal ar bith ón eagarthóir, Ó Doornail, gan trácht ar ardú.
a chualathas trácht that mention was heard
" Is san Astráil agus i gCeanada sna 1970aidí a chualathas trácht ar Choimisiúin Um Chearta Daonna den chéad uair.
gan trácht ar not to mention
" Is minic thar na blianta gurb iad na daoine is mó ar sáraíodh a gcearta daonna sa stát seo is lú a bhí ábalta cás cúirte a thógáil sa tír seo, gan trácht ar dhul chuig Cúirt na hEorpa.
a luaigh mé cheana that I mentioned already
" Go mbeidh an tionscadal úr a luaigh mé cheana rathúil agus nach gceanneofar an Maxwell House dearg don cheaintín riamh arís - fiú trí bhotún.
ní áirim leathchos strae not to mention a stray leg
" Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise.
gan trácht ar na deontais not to mention the grants
" Ar an gcéad dul síos tá feirmeoirí thíos leis go mór - tá deacrachtaí acu beostoc a bhogadh agus a dhíol toisc an gnáthpháipéarachas a bhaineann lena mbeithígh a bheith gafa sa Roinn, gan trácht ar na deontais atá reoite istigh ann - ach tá cúis imní ann don phobal i gcoitinne.
gan trácht ar na seantaibhsí not to mention the old ghosts
" Áit lán fuaimeanna spleodracha, radharcanna aoibhne, an nádúr beo - gan trácht ar na seantaibhsí! Tuilleadh eolais: (www.
trácht mention
" I bhfad sula raibh aon trácht ar an Atlantic Dawn bhí báid iascaireachta ollmhóra ag iascach fharraigí an domhain.
na cinntí atá luaite thuas the decisions mentioned above
" Anois d'fhéadfadh sé go bhfuil cúiseanna praiticiúla agus cúiseanna a bhaineann le hairgead agus araile ag baint leis na cinntí atá luaite thuas ach ardaíonn siad dhá cheist bhunúsacha: an é go bhfuil an pheil níos tábhachtaí ná an iománaíocht taobh istigh den Chumann Lúthchleas Gael agus an bhfuil RTÉ i gceannas maidir le roghnú na gcluichí a thaispeántar beo? Mar shampla, bhí an cluiche peile idir Áth Cliath agus An Lú beo ar an teilifís - cluiche thar a bheith aontaobhach, gan dealramh.
trácht mention
" Cé go bhfuair mé leithscéal faoi na maslaí ó Griffiths, tar éis brú ón phríomhoide, agus go raibh trácht orthu sna miontuairiscí sa deireadh, tar éis brú ó na na ceardchumainn NATFHE agus UNISON sa choláiste, níorbh é sin deireadh an scéil.
gan trácht ar not to mention
" Is féidir le CowParade a bheith ag maíomh as bailitheoirí clúiteacha bó a bheith acu, ina measc Elton John, Oprah Winfrey agus Ringo Starr, gan trácht ar Eilís, Banríon Shasana.
gan trácht ar not to mention
" Ní haon eisceacht é anois dinnéar stéice agus prátaí a chosnaíonn os cionn fiche euro, gan trácht ar réamhchúrsa nó milseog agus caife.
gan trácht ar not to mention
" com/ Cruthaíonn na hainmneacha fada seo go leor fadhbanna mar bíonn sé deacair ag daoine go minic litriú focail amháin a fháil i gceart, gan trácht ar na focail ar fad atá anois á n-úsáid mar sheoltaí idirlín ag eagraíochtaí.
trácht mention
" Na laethanta sin bhí roinnt ceoltóirí maithe Éireannacha ina gcónaí i gCoventry a bhíodh mar aíonna rialta ag an gclub seo, daoine ar nós Finbar agus Eddie Furey, Seán Cannon atá anois leis na Dubliners agus, ar ndóigh, fear óg darbh ainm Christy Moore - b'fhéidir gur chuala tú trácht air! Agus ansin ag an am sin eisíodh roinnt taifeadtaí iontacha den cheol gaelach a thaifead Bill Leader.
gan trácht ar not to mention
" Is deacair a shamhlú nach raibh cuid mhaith den eolas seo ag an Gharda Síochána féin cheana féin, gan trácht ar fhostóirí an Uasail Rupert.
níl aon trácht a thuilleadh there's no mention anymore
" Ar an drochuair, áfach, níl aon trácht a thuilleadh ar fheabhas a chur ar an mbóthar iarainn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.
tráchta mention
" Is léir go gcuireann sé isteach go mór ar Maier go bhfuil a bheag déanta ag go leor tráchtairí de Chaitliceachas Éireannach mhuintir Chinnéide, agus go bhfuil íomhá cothaithe díobh mar Ghallbháigh.
luafainn I would mention
" "Dá gcuirfí ceist orm cén tionchar domhain, fadtéarmach atá muintir Chinnéide tar éis a imirt ar Mheiriceá, luafainn an inimirce," a deir Maier.
trácht mention
" Is fiú trácht a dhéanamh chomh maith ar cheann de na forbairtí is nualaígh atá tar éis tarlú i gcás TG4, is é sin an córas Webcast.
a ndéanann sé trácht orthu that he mentions
" Is léir óna chuid scríbhneoireachta go bhfuil an-mheas aige ar na foirne agus ar na himreoirí agus ar na carachtair éagsúla a bhaineann leo, agus ar na cluichí go léir a ndéanann sé trácht orthu.
trácht mention
" Ach, faraor, ní dhéanann na cláracha teilifíse agus raidió nó na nuachtáin trácht ar bith ar na praghsanna scannalacha atá i gceist sna mórchathracha Spáinneacha ar nós Barcelona, Bilbao, Valencia nó Mhaidrid.
trácht mention
" Cé a chuala trácht riamh ar Ard-Rí Cúige? B'éigean dúinn ainm úr a cheapadh don tír.
luaite mentioned
" Fuair mé iasc agus sceallóga an-deas i mbialann darb ainm Greaney's, atá luaite sa *Rough Guide*.
is annamh a luafaí an Ghaeilge the Irish language would rarely be mentioned
" Nuair a smaoinítear ar na teangacha atá á labhairt ar shráideacha Nua-Eabhrac, smaoinítear ar go leor teangacha éagsúla, ach is annamh a luafaí an Ghaeilge.
gan trácht ar not to mention
" Agus sin gan trácht ar an mheascán de ghrúpaí eitneacha.
ag brath ar na daoine thuasluaite depending on the above-mentioned
" Mar is eol d'aon duine atá ag obair i saol na Gaeilge nó a bhfuil suim aige sa teanga, tá go leor ag brath ar na daoine thuasluaite.
gan trácht ar iad a léamh not to mention reading them
" Cén tairbhe atá le baint as léirmheasanna nuair is annamh a bhíonn seans agam na leabhair féin a fheiceáil gan trácht ar iad a léamh? Bhuel, mura mbím ar scoil castar na scoláirí orm.
gan trácht ar iad a léamh not to mention reading them
" Cén tairbhe atá le baint as léirmheasanna nuair is annamh a bhíonn seans agam na leabhair féin a fheiceáil gan trácht ar iad a léamh? Bhuel, mura mbím ar scoil castar na scoláirí orm.
gan trácht ar not to mention
" Mar a dúirt urlabhraí Corcaíoch amháin, ní hamháin nach nglacfaidís le sacar ná rugbaí i bPáirc an Chrócaigh ach, dá mbeadh a bhealach féin aigesan, ní ligfeadh sé fiú a leithéid isteach sa charrchlós, gan trácht ar an bpáirc imeartha.
gan trácht ar an bpáirc imeartha not to mention the playing field
" Mar a dúirt urlabhraí Corcaíoch amháin, ní hamháin nach nglacfaidís le sacar ná rugbaí i bPáirc an Chrócaigh ach, dá mbeadh a bhealach féin aigesan, ní ligfeadh sé fiú a leithéid isteach sa charrchlós, gan trácht ar an bpáirc imeartha.
luaigh (he) mentioned
" Agus ní clann Cheallaigh ná Éireannaigh ar fad a bhí iontu," a dúirt sé, agus luaigh daoine mar eagarthóir an *New Yorker *David Remnick agus go leor daoine eile.
trácht mention
" Is beag trácht ach an oiread a bhí ar an 137 páiste neamhurchóideach sa ló faoi bhun chúig bliana d'aois a maraíodh san Iaráic de bharr na smachtbhannaí a bhí i bhfeidhm idir 1991 agus 2003.
gan trácht orthu siúd thar lear not to mention those abroad
" Is fíor nach raibh muid i láthair, ach ní raibh a fhios againne in Éirinn, gan trácht orthu siúd thar lear, go raibh a leithéid de phlean ag dul ar aghaidh.
trácht mention
" Tá baol ann go mbeadh traenálaí sa chúirt de bharr scread a ligean le gasúr gan trácht ar aon rud eile.
gan trácht ar aon rud eile not to mention anything else
" Tá baol ann go mbeadh traenálaí sa chúirt de bharr scread a ligean le gasúr gan trácht ar aon rud eile.
luann sé he mentions
" luann sé, mar shampla, léiriú den dráma *An Druma Mór *a raibh sé aige roinnt blianta ó shin agus nach raibh ach cúigear i láthair aige.
a luas níos luaithe that I mentioned earlier
" AÓF: Agus cén t-amhránaí is fearr leat? MNA: Is maith liom na hamhránaithe go léir a luas níos luaithe ó Chiarraí, chomh maith le Dolores Keane, Niamh Parsons, Darach Ó Catháin agus Paul Brady.
gan trácht ar not to mention
" Obair mhór ======= Tá obair mhór le déanamh ag na ceithre nó cúig chontae is laige i Roinn a hAon, gan trácht ar na contaetha i Roinn a Dó.
gan trácht ar not to mention
" Ar an lámh eile, is duine é Royston Brady ó Shráid Sherriff i lár na cathrach nach raibh riamh ina Theachta Dála, gan trácht ar a bheith ina aire, ach a ainmníodh anuraidh mar Ardmhéara Bhaile Átha Cliath.
trácht mention
" Níl trácht in annála na gcluichí Oilimpeacha ná i stair Chomhairle Oilimpeach na hÉireann air nó ní raibh go dtí le déanaí.
gan trácht ar not to mention
" Is rud ait é seo nuair a smaoiníonn tú go bhfuil oiliúint aige i gcúrsaí sláinte agus sábháilteachta, gan trácht ar PhD sa cheimic ó Ollscoil Oxford.
ag trácht ar mentioning
" Agus mé ag trácht ar leabhráin eolais: measaim go bhfuil an *Rough Guide *i bhfad níos fearr ná an *Lonely Planet*, cé go bhfuil léarscáileanna níos fearr sa dara ceann sin.
luaite mentioned
" Fanann na sluaite móra turasóirí ar an taobh eile den abhainn, nó ar an bhóthar go dtí an caisleán, mar sin is féidir siúl thart leat go sona suaimhneach.
á lua being mentioned
" Bhíodh Miller á lua sna tuairiscí a bhíodh le léamh agus le cluinstin ar chogaí na critice sna hacadaimh léinn, sna Stáit Aontaithe go háirithe, aimsir na conspóide fá theoiricí na díthógála tamall nach bhfuil chomh fada sin ó shin.
gan trácht ar not to mention
" Ina áit sin caithim mo laetha oibre, agus go leor de mo chuid oícheanta in amanna, ag iarraidh ord agus eagar a chur ar smaointe daoine eile; agus rud is measa go mór, ar litriú na bhfocal acu, gan trácht ar chomhréir na teanga ná ar an ghramadach acu.
trácht ar to mention
" asp) Cuid 1 den alt anseo Ní féidir trácht ar a leithéid de *kitsch *gan smaoineamh ar an gCríostaíocht.
gan trácht ar not to mention
" Bhí tionchar mór acusan air, gan trácht ar a uncail Frankie Kennedy, nach maireann, agus ceoltóirí eile an ghrúpa Altan.
luaigh sé he mentioned
" leac oighirice liomóidlemon ag diúlsucking bodhairedeafness béasamanners gránnahorrible cumhachtpower mo leithéidsethe likes of me docharharm múrshower caiteover fás maithgood growth ag feadaílwhistling sáite amachstuck out stróeffort leidclue bodhraithedeafened gleonoise oibleagáideachtobligingness cothrom na Féinnefair play dúnárasachreticent cantalpetulance aisteachasqueerness, strangeness ar fheabhasexcellently a chur as a riochtto distort sádh amach an cloigeann údthat head was stuck out an iarraidh seothis time coiscéimstep filltefolded muinchillesleeve plaitbald patch burlaí bána gruaigewhite trusses of hair malaíbrows ag sméideadh a chloiginnnodding his head gach re soicindevery second second in ard a chinnas loud as he could ríforearm clúmhachdown (on face) smigchin dallamullóg a chur ormto hoodwink me nár thug mé neamhaird airthat I didn't ignore him ar feadh na síoraíochtafor an eternity bearnagap tuillteearned meangadhsmile clamhsáncomplaint luaigh séhe mentioned bréanfoul tá fíorbhrón ormI'm really sorry múiscnausea slisínslice chinn mé arI decided a chur díomto give up tioncharinfluence á tochasbeing scratched go gontaconcisely eachtra gadaíochtatheft incident trealamh lofarotten equipment ag geonaílwhimpering croitheadh uafásachterrible shaking samhlaighimagine a scáthhis shadow leata chomh móropen so wide macallaecho boinnsoles ag coisíochtpacing ag comhaireamh na gcoiscéimeannacounting the steps óltachdrunk dheasaighadjusted mo bhaithisthe top of my head luasc siarrocked backwards sálaheels glanbhearrthaclean-shaven olldoirdbasses bhreac mé na sonraí cuíI wrote down the appropriate details ceann dúbáiltea double bhain searradh asam féinI stretched myself shéid séhe blew á spreagadhencouraging him á thionlacanaccompanying him clingireachttinkling cantaireachtchanting grágaílcroaking, braying dalltavery drunk ag éalúescaping go séimhgently a chonúisyou useless person an oiread fuadair faoi teitheadhtrying to flee so quickly bailigh leat mar singet lost then mallachtaícurses líomhaintíallegations mhaslaigh éI insulted him barántas gabhálaarrest warrant ionchúiseamh poiblípublic prosecution cillíncell luaithreadáinashtrays stóltastools go ngéillfeadh sé gach rud domuntil he would surrender everything to me pleotafool sciotaíl searbhasachsarcastic tittering uirlisíinstruments píopaí lonrachashining pipes tiubhthick tanaíthin boghabow sreangáinstrings béicílyelling búireachroaring leis an imeacht thar fóir seofor this going overboard bródpride uabhararrogance i mbarr mo réimeat my peak a admháilto admit ní raibh neart agam airI couldn't help it iomrascálaíwrestler togha a
gan trácht ar not to mention
" Dar leis bhí sé fíordheacair craobh na Gaillimhe a bhuachaint san am, gan trácht ar Chraobh na hÉireann, ach d'éirigh le lucht Chamuis an t-éacht sin a dhéanamh.
Murach go raibh an tacaíocht thuasluaite ar fáil dom if it wasn't for the fact that the above-mentioned support was available to me
" Murach go raibh an tacaíocht thuasluaite ar fáil dom, is é mo thuairim nach mbeadh níos mó ná cúpla focal agam anois.
luaite mentioned
" Tá cóipeanna den leabhar le buachan i gcomórtas mhí Mheán Fómhair *Beo!* Gluais • Glossary á fhoilsiúbeing published gnó turasóireachtatourism business músclaítear fiosracht na mnáthe woman's curiousity is awakened ailt nuachtáinnewspaper articles faillcliff seilbhpossession contúirtídangers bagairtíthreats creathán fuachtaa cold shudder fainicwarning foláireamhnotice, warning deireadh a haistir saoilthe end of her life's journey go fuarchúiseachindifferently buillí croíheartbeats anáil an tsonaisthe breath of happiness seargthawithered iachallcompulsion fíricífacts breacthawritten down rianmark d'aon ghnódeliberately blúire páipéirpiece of paper luaitementioned tarraiceándrawer stán síshe stared imlíneoutline scáilshadow gortcultivated field cruthanna dubhablack shapes ag corraí go bogmoving gently sceacha aitinnfurze bushes céadfaísenses ar tinneallon edge doircheachtdarkness ina glaicin her hand leiceanncheek á shlíocadhstroking it pollairí a sróineher nostrils b'in mar a shamhlaíodh sí iadthat's how she used to imagine them istoícheat night ina comhluadarin her company folamhempty dul i dtaithí arget used to cuachta go clutharnestled comfortably fál cosantaprotective fence fothramnoise gíoscáncreaking ag tnúth lelooking forward to brat teolaíwarm covering an tsíorgheonaílthe continuous droning ag dul thar bráidpassing by cloig rabhaidhalarms sianaílwhining otharchairr ag scréachaílambulances screeching pléascáinexplosives gleo cogaíochtathe noise of war ar fud na comharsanachtaall over the neighbourhood éalúto escape amhrasdoubt easpa fuaimelack of noise tranglamclutter ina sámhchodladhsleeping soundly cliotaráilclattering macalla a coiscéime féinthe echo of her own footstep pluidblanket ag siosarnachrustling a fallaing oícheher night gown taobh leisbeside it sciathánwing dallógblind duibheblackness crónánhumming leataopen an bunalt údthat original article carnánpile béicscream ag stánadh isteach uirthistaring in at her ag faire uirthilooking at her á slogadhswallowing her spléachadhglance sceonmharterrifying trí choiscéimthree steps scréachscream rith sé léiit occured to her cur síos ceartproper description ag tochailt isteach intidigging into her tanaíthin camcrooked go tostachsilently ag fairelooking ar diúitéon duty Ag baint lán na súl aisti.
luaite mentioned
" Tá sé luaite ag tús an leabhair *Gleann Cholm Cille: 5000 Bliain Greanta i gCloch *leis an Ollamh Mícheál Ó hOireachtaigh.
trácht mention
" Tá go leor de na Críostaithe seo i Meiriceá ag caoineadh an mhíle agus céad ná mar sin saighdiúir Meiriceánach a fuair bás ó thosaigh an cogadh ach is beag trácht a dhéanann siad ar an líon mór Iarácach (suas le 30,000 dar le meastacháin áirithe agus 100,000 dar le cinn eile), a maraíodh go dtí seo.